Stuttgart

From Wikipedia, the free encyclopedia

Stuttgart
Remove ads

Is cathair Ghearmánach í Stuttgart agus freastalaíonn an chathair mar phríomhchathair stáit Baden-Württemberg. Is í Stuttgart an séú cathair is mó sa Ghearmáin agus bhí timpeall 630,000 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2023.

Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...

Tugtar ‘Autohauptstadt’ minic ar an gcathair mar gur ansiúd atá a gceanncheathrú ag Mercedes-Benz agus ag Porsche. Ciallaíonn an teideal sin ‘Príomhchathair na nGluaisteán’.[1]

Remove ads

Bunús an ainm

Tagann ainm na cathrach ón bhfocal 'stuotengarten.' Sa shean-Ghearmáinis, chiallaigh an focal 'stuoten' láir agus chiallaigh 'garten' clós. Ar armas Stuttgart tá capall dubh ina sheasamh ar dhá cos. Tá a chosa eile ardaithe san aer. Taispeánann suaitheantas Porsche leagan an armais sin.

Thumb
an Neckarstadion, nó an Mercedes-Benz-Arena no MHPArena

Spórt

Tá an Neckarstadion[2][3] suite i Stuttgart, an staid ina n-imríonn foireann sacair na cathrach. As abhainn an Neckar a shníonn tríd Stuttgart a baisteadh an Neckarstadion.

Ar an 12 Meitheamh 1988, chuir Ray Houghton liathróid in eangach na Sasanach sa Neckarstadion agus sé nóiméad caite sa sa chéad chluiche ag Éirinn i gCraobh Sacair na hEorpa.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads