Taibhdhearc na Gaillimhe
National Irish language theatre From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Amharclann náisiúnta na Gaeilge í Taibhdhearc na Gaillimhe (nó 'an Taibhdhearc' mar is fearr aithne uirthi). Mar aon le nua-dhrámaíocht Ghaeilge, léirítear sa Taibhdhearc drámaí a aistrítear go Gaeilge ó go leor leor teangacha, chomh maith le ceoldrámaí agus geamaireacht.
Remove ads
Ainm
Seanfhocal Ghaeilge is ea an 'Taibhdhearc', atá comhdhéanta de 'taibhsiúil' agus 'dearc'; “radharc nó láthair draíochtúil” is ciall leis dar le suíomh gréasáin na hamharclainne féin.[1] Maítear freisin gur úsáideadh an focal i ngluais i seancháipéis Laidine a scríobhadh in Éirinn, ag déanamh tagartha do teatram ('amharclann').[fíoras?]
Stair
Bunaíodh i nGaillimh sa bhliain 1929 í, agus tá sí suite ar an tSráid Láir i gcathair na Gaillimhe ó shin i leith. Is é Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais in 1927 a thoil deontas a thabhairt chun go mbunófaí an amharclann an chéad lá riamh.
Ar an 27 Lúnasa 1928, osclaíodh an "Galway Gaelic Theatre", agus “An Taibhdhearc” níos déanaí, le Diarmuid agus Gráinne, arna léiriú ag Micheál Mac Liammóir[2].

Ba é Micheál Mac Liammóir céad stiúrthóir na hamharclainne agus is iomaí sin léiritheoir agus aisteoir mór le rá a thosaigh ar a bheith ag obair sa drámaíocht sa Taibhdhearc, leithéidí Siobhán McKenna, Michael Lally, Frank Dermody, Walter Macken, Caitlín Maude. Ar áireamh sna drámadóirí ar léiríodh a chuid drámaí san amharclann tá Eoghan Ó Tuairisc, Mairéad Ní Ghráda, Criostóir Ó Floinn, Breandán Ó Beacháin, agus Antaine Ó Flathartha.
Ó bhí na 1960í ann, tá dlúthbhaint ag Seán agus Máire Stafford leis an Taibhdhearc.
Remove ads
Léiriúcháin
Geamaireacht
Bíonn geamaireacht ar siúl sa Taibhdhearc gach bliain i Mí na Nollag, ócáid a tharraingíonn “pobal na Gaeilge le chéile” gach bliain.[3]
Foinsí
- 'Taibhdhearc na Gaillimhe', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
Naisc sheachtracha
- Suíomh oifigiúil: antaibhdhearc.com
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads