Tamim bin Hamad Al Thani
Éimír Stát Chatar From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Éimír Chatar is ea Síc Tamim bin Hamad Al Thani (Araibis: تميم بن حمد بن خليفة آل ثاني,a rugadh 3 Meitheamh 1980). Is é an ceathrú mac é ag an Éimír roimhe seo, Hamad bin Khalifa. Bhí sé ina rialtóir ar Chatar ó 2013 nuair a d'éirigh a athair as an ríchathaoir. Ba é Tamim ina chomharba dealraitheach ó 2003 i leith nuair a thréig a dheartháir níos sine Síc Jassim a éileamh ar an ríchathaoir.
Is monarc Chatar é, ar mhonarcacht absalóideach í. Bhí baint aige le hiarrachtaí chun próifíl idirnáisiúnta Chatar a ardú trí imeachtaí spóirt a óstáil, chomh maith le Paris Saint-Germain FC a cheannach.
Remove ads
Luathshaol agus oideachas
Rugadh Tamim bin Hamad ar an 3 Meitheamh 1980 i Doha, Catar.[1] Is é an ceathrú mac é ag Síc Hamad bin Khalifa Al Thani, agus dara mac ag Síc Moza bint Nasser Al-Missned, dara bean chéile Hamad.[2][3] Fuair Tamim a chuid oideachais ag Scoil Sherborne na Breataine Móire (Coláiste Idirnáisiúnta) i nDorset,[1] agus ag Scoil Harrow, áit ar bhain sé A-Leibhéil amach i 1997.[1] [2] D’fhreastail sé ansin ar an Acadamh Míleata Ríoga Sandhurst, agus bhain sé céim amach i 1998.[2]
Remove ads
Gairm
Coimisiúnaíodh Síc Tamim mar an dara leifteanant i bhFórsaí Armtha Chatar nuair a bhain sé céim amach ó Sandhurst.[2] Tháinig sé chun bheith ina oidhre ar ríchathaoir Chatar an 5 Lúnasa 2003, nuair a thréig a dheartháir níos sine Síc Jassim a éileamh ar an teideal.[1][2] Ó shin réitíodh é chun dul i gceannas ar an stát, ag obair sna poist is airde slándála agus eacnamaíocha [3] An 5 Lúnasa 2003, ceapadh é ina leas-cheannasaí ar fhórsaí armtha Chatar.[2]
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads