Tim Russert

iriseoir Meiriceánach (1950–2008) From Wikipedia, the free encyclopedia

Tim Russert
Remove ads

Craoltóir, iriseoir, dlíodóir agus Meiriceánach de bhunadh na hÉireann ba ea Tim Russert (7 Bealtaine 195013 Meitheamh 2008).

Thumb
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads
Thumb
Remove ads

Iriseoireacht

Duine a raibh bród air as a oidhreacht Ghaelach agus dlíodóir ab ea é, a bhí i measc na daoine ba mhór le rá sna 1980idí-2000idí i gcúrsaí craoltóireacht sna Stáit Aontaithe, thar aon rud eile mar mhodhnóir an chláir NBC 'Meet the Press' idir 1991 is 2008.[1]

Rinne NBC roinnt gearrthóg a thaispeánann Russert ag baint úsáid as an gcuid is fearr de scileanna an dlíodóra san obair iriseoireachta a rinne sé.[2]

Bhí dlúthbhaint aige le hÉirinn agus le Gaeil Mheiriceá.[3]

Remove ads

Bás tobanna agus oidhreacht

Thumb

Bhuail taom croí Russert ar 13 Meitheamh 2008, in aois 58 bliain dó. Luigh a bhás go trom ar dhaoine, go mór mór toisc go raibh an feachtas um an toghchán uachtaránachta stairiúil i 2008 á ghéarú um an dtaca sin.

Ag labhairt faoi Russert, dúirt Barack Obama gur sheas sé an fód ar son na hiriseoireachta dáiríre agus gur fhear iontach é ag an am céanna. Dar le Obama, ba chara é arbh féidir leat brath air leis na cruacheisteanna a chur ort, gan gabháil go réidh ort ar chor ar bith, an méid sin gur mhúin sé dó seirbhís níos fearr a dhéanamh don phobal trí iallach a chur air ceisteanna a fhreagairt cé go raibh siad míchompordach, le linn dó a bheith ionraic agus díreach ina ainneoin sin, gan iarracht ar chluichí a imirt, gan iarracht ar phointí a scóráil mar chríoch ann féin.

Sa bhliain 2018, chuir beirt a bhíodh ag obair leis i NBC News a gcuid smaointe faoi in iúl, maidir leis an méid a chaill an iriseoireacht agus saol poiblí na Stát Aontaithe tríd a bhás agus leis na ceachtanna atá le tarraingt as a shaol oibre ag iriseoirí an lae inniu.[4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads