Timothy Sullivan (breitheamh)
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Abhcóide agus breitheamh Éireannach ba ea Timothy Sullivan (6 Eanáir 1874 – 12 Bealtaine 1949).
Remove ads
Saol
Rugadh Timothy Sullivan i mBaile Átha Cliath i 1874. Ba é tríú mac Tiomothy Daniel Sullivan, Teachta Parlaiminte náisiúnach a bhí chun tosaigh sa ghluaiseacht Rialtais Dúchais (a raibh Parnell i gceannas ar sna 1880idí go dtí gur chaill Parnell a chumhacht mar gheall ar chás colscartha O' Shea).
Glaodh Sullivan chun an Bharra i 1895. Níos déanaí, ghlac sé páirt sa ghluaiseacht náisiúnach i mblianta luaithe na fichiú haoise. Nuair a bunaíodh Saorstát na hÉireann ceapadh é mar chéad Uachtarán na hArd-Chúirte i 1924, post a bhí aige go dtí go bhfuair Hugh Kennedy bás i Nollaig 1936, nuair a ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann. Bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh go dtí 1946, nuair a tháinig Conor Maguire ina dhiaidh.[1]
Cásanna
Ba é an cás ba thábhachtaí a bhí aige mar Phríomh-Bhreitheamh ná seasamh na hArd-Chúirte leis an mBille um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú) 1940, a bheartaigh géibheann coisctheach, dochinntithe a dhéanamh dleathach mar fhreagra ar fhadhb Óglaigh na hÉireann (an tIRA) mar a thug siad orthu féin, a bhí neamhdhleathach ag an am sin.[1]

Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads