Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta

scéalaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Scéalaí cáiliúil as an Lochán Beag in Indreabhán ab ea Tom Bheairtle Tom Ó Flatharta.[1] Deirtear go raibh cuimhne iontach aige; chloiseadh sé scéal anocht agus bhíodh sé in ann an scéal ina iomlán a aithris amárach.[1] Ba scéalaí mór a athair roimhe. Tógadh go leor scéalta óna athair gan luach saothair a thabhairt dó, agus dá bharr sin bhí drogall ar Thom a chuid scéalta féin a thaifeadadh. Chuir cairde ina luí air a intinn a athrú, agus d'inis sé scéalta ar Raidió na Gaeltachta agus do mhic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Bhuaigh sé duaiseanna scéalaíochta ag Oireachtas na Gaeilge.[2] Tá scéalta dá chuid ar fáil ar chaiséad dar teideal Ag Scéalaíocht a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht.[3]

Phós sé Eibhlín Ní Neachtain as Cnoc na hAille in 1958 agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu.[4]


Remove ads

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads