Toni Morrison

úrscéalaí agus scoláire Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Toni Morrison
Remove ads

Scríbhneoir, ollamh litríochta agus duine d’fhathaigh litríocht Mheiriceá ab ea Toni Morrison, nó Chloe Ardelia Wofford mar atá a hainm scríte ar a teastas breithe. Rugadh í ar an 18 Feabhra 1931 i mbaile beag darb ainm Lorain, Ohio. Fuair sí bás ar 5 Lúnasa 2019.

Thumb
1970
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Bhain Morrison cáil amach mar gheall ar liriciúlacht a saothar agus í ag cur síos go macánta ar uafás na sclábhaíochta agus ar stair na nAfracach Meiriceánach.[1]

Remove ads

Beatha

Thumb
Toni Morrison sa bhliain 2008.

An chéad leabhar ar fhoilsigh sí ná The Bluest Eye (1970).

Ba é Song of Solomon, úrscéal staire a foilsíodh i 1977, a tharraing aird an tsaoil mhóir ar Morrison.[1]

Is dóigh gurb é Beloved] (1987), úrscéal ar a bronnadh Duais Pulitzer agus an American Book Prize sa bhliain 1988, an saothar is iomráití dá cuid, ar an saothar léi is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal.

11 úrscéal ar fad a scríobh sí agus ba é God Help the Child an ceann deireanach acu.

Thumb
País Vasco, Tír na mBascach

Duaiseanna

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1993.[2] Ba í an t-ochtú bean a bronnadh an duais seo uirthi.[3] Nuair a bhuaigh sí an duais, dúirt na moltóirí gur mhian le Morrison “dul go domhain sa teanga agus í a shaoradh ó laincisí cine”. Ina hóráid Nobel, thagair Morrison féin do thábhacht na teanga sa saol chomh maith.[1]

Chomh maith leis an duais Nobel, b’iomaí duais agus gradam eile a tugadh do Morrison, ina measc an gradam National Book Circle, céimeanna oinigh ó olscoileanna Oxford, Harvard agus na Ginéive, Légion d’Honneur na Fraince agus Bonn Saoirse an Uachtaráin a bhronn Barack Obama uirthi.[1]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads