Troye Sivan

amhránaí Astrálach From Wikipedia, the free encyclopedia

Troye Sivan
Remove ads

Is amhránaí, cumadóir agus aisteoir as an Astráil é Troye Sivan Mellet (Fuaimniú: /trɔɪ sɪˈvɑːn/) (a rugadh ar an 5ú Meitheamh 1995 i Johannesburg, an Afraic Theas). Bhí sé ina chruthaitheoir ar YouTube agus tá 7.8 milliún leantóirí aige ar YouTube agus breis is 1.5 billiún radhairc.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

D'eisigh sé a chéad albam Blue Neighbourhood sa bhliain 2015. Chuaigh an singil "Youth" ón albam sin sa top 40 ar an gcairt Billboard Hot 100. Shroich a dara halbam Bloom (2018) uimhir a trí san Astráil agus uimhir a ceathair ar chairt an Billboard 200.

Mar aisteoir, bhí páirt aige in X-Men Origins: Wolverine (2009) agus bhí sé mar an príomhcharachtar sa tríológ Spud. Sa bhliain 2018, fuair sé ainmniúcháin Golden Globe le haghaidh "Best Original Song" leis an amhrán "Revelation", ón scannán Boy Erased. I 2022, bhí sé sa scannán Three Months.

Remove ads

Saol Pearsanta

Rugadh Sivan i Johannesburg san Afraic Theas. Is bean an tí agus iarmhainicín í a mháthair, Laurelle Mellet, agus is fiontraí agus gníomhaire eastáit é a athair, Shaun Mellet. D'fhás Sivan suas i bPerth, an Astráil Thiar lena thuismitheoirí agus a thriúr deartháireacha.

Tháinig Sivan amach mar duine aerach i bhfíseán ar YouTube ar an 7ú Lúnasa 2013, trí bhliain i ndiaidh teacht amach lena chlann. Tá foirm éadrom de shiondróm Marfan aige.

Remove ads

Dioscliosta

Albaim

Ceirníní leathfhada

  • Dare to Dream (2007)
  • June Haverly (2012)
  • TRXYE (2014)
  • Wild (2015)
  • In a Dream (2020)

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads