Val Logsdon Fitch

fisiceoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Val Logsdon Fitch
Remove ads

Fisiceoir Meiriceánach a saolaíodh i Merriman, Nebraska is ea Val Logsdon Fitch (Márta 10, 1923 – Feabhra 5, 2015). D'oibrigh sé ar Thionscadal Manhattan chun an buama adamhach a dhéanamh. Ansin rinne sé taighde bunúsach ar adaimh mhuónacha (adaimh le muóin throma in ionad leictreon sna fithiseáin sheachtracha) a thairg go raibh an núicléas níos lú ná mar a ceapadh. I 1964, ag obair le James Watson Cronin, léirigh sé nár imchoimeádadh comhshiméadracht na paireachta is an chomhchuingriú luchta i meath lag céón neodrach. Roinn siad Duais Nobel na Fisice i 1980 as an léargas bunúsach seo i bhfisic na gcáithníní.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads