Yr Wyddfa
an sliabh is airde sa Bhreatain Bheag From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is í Yr Wyddfa (AIF: [ər ˈʊɨ̞̯ðva], an dumha nó an dumha adhlactha sa Bhreatnais), an bhinn is airde sa Bhreatain Bheag. Tá sí 1,065 méadar ar airde.[1] Tagann 400,000 siúlóir chuige gach bliain.[2]
Tá Yr Wyddfa suite in Eryri (nó "Snowdonia" mar ba nós ag Béarlóirí glaoch air)[3] i dtuaisceart na Breataine Bige. Páirc náisiúnta atá ann; an chéad pháirc náisiúnta a bunaíodh sa Bhreatain Bheag sa bhliain 1951. Tá achar 2,170 km2 cearnach aici.
Sa bhliain 2022, chaith Údarás na Páirce Náisiúnta vóta ar son na hainmneacha Yr Wyddfa agus Eryri a úsáid, seachas Snowdon agus Snowdonia, mar gheall ar achainí a rinne 5,000 duine ag impí ar son an athraithe.[2]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads

