Zinedine Zidane

imreoir sacair agus bainisteoir Francach From Wikipedia, the free encyclopedia

Zinedine Zidane
Remove ads

Iar-imreoir sacair is ea Zinedine Yazid Zidane (rugadh i Marseille, an Fhrainc ar 23 Meitheamh, 1972). Bhíodh Zidane, nó Zizou, ag imirt le foireann náisiúnta na Fraince, agus an club mór Real Madrid sa Spáinn.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Tá cúlra Ailgéarach ag Zidane ach rugadh agus tógadh sa bhFrainc é (tháinig a mhuintir chun na Fraince sular thosaigh an cogadh ar son neamhspleáchais san Ailgéir i 1954). Chreid go leor go mbeadh an fhoireann sacair agus a ngaisce i gCorn an Domhain 1998 mar ugach, ardú croí agus malairt bhisigh don tír ar fad. Ach bhí an pobalóir Jean-Marie Le Pen ag iarraidh an pobal a ghríosú, agus tharraing sé conspóid ollmhór. nuair a dúirt sé gur eachtrannaigh iad leithéidí Zidane nach gcasfadh an Marseillaise (rud nach raibh fíor).[1]

D'éirigh Zidane as imirt an spóirt tar éis Chorn Domhanda 2006, a bhí ar siúl sa Ghearmáin. Cuireadh den pháirc é i gcluiche ceannais an Chorn Domhanda tar éis dó Marco Matarazzi a ionsaí lena chloigeann. Thosaigh sé, áfach, ag obair mar thraenálaí le Real Madrid, ar dtús mar thraenálaí cúnta, ansin mar thraenálaí Real Madrid Castilla, agus ag toiseacht sa bhliain 2016 mar phríomh-thraenálaí Real Madrid.

Thumb
Zidane (ar chlé) le David Beckham ag Real Madrid.
Remove ads

Tagairtí 

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads