From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Publius Ovidius Naso (20 Márta 43 RC – 17/18 AD), ar a dtugtar Óivid i nGaeilge, ina fhile Rómhánach, a mhair le linn réimeas Ágastais. Bhí sé beo ag an am céanna le Veirgil agus Horáit, a bhfuil sé rangaithe go minic mar cheann de na trí filí canónta de litríocht na Laidine. Mheas an scoláire Impiriúil Cuintilian gurb é an ceann deireanach de na tuireamhaithe Laidineach é.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ainm sa teanga dhúchais | (la) Publius Ovidius Naso |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 20 Márta 43 "RCh" Sulmona |
Bás | 17 58/59 bliana d'aois Constanța, An Rómáin |
Áit chónaithe | Constanța |
Teanga dhúchais | an Laidin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Tréimhse ama | Impireacht na Róimhe |
Seánra | Traigéide |
Mac/iníon léinn de chuid | Marcus Porcius Latro |
Teangacha | An Laidin |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
|
Níl aon eolas againn faoi shaol Óivid ach amháin na sonraí a d'fhág sé féin ina chuid scríbhinní. Rugadh é ag Sulmo (inniu Sulmona) do chlann marcach. Bhí oideachas den scoth aige sa Róimh agus san Aithin, agus rinne sé staidéar ar an reitric. Ach, in ainneoin a raibh ag teastáil óna athair, b'fhearr le hÓivid a bheith ina fhile ná dul isteach sa saol poiblí. Bhí dhá mhionchúram aige sa stát, ach ansin d'éirigh sé as iad, agus chaith sé bunús a chuid ama ar fad ar an bhfilíocht agus ar an siamsaíocht.
Chuir Ágastas an ruaig ar Óivid in AD 8 chuig Tomis, cúige Dáiciach ar an Muir Dhubh, áit ar fhan sé deich mbliana go dtí a bhás [1] Ní fios fós cén fáth go ndearna sé é sin (scríobh Óivid é féin gur carmen et error (dán agus botún) – ba chúis leis.[2][3] more harmful than poetry. B'fhéidir go raibh sé mór le gaol de chuid Ágastas tamall, agus b'fhéidir gurb é Ars Amatoria an carmen a bhí i gceist aige, saothar a bhí in ainm agus a bheith mímhorálta agus a raibh fáil air ar feadh tamaill). Dearbhaíonn Óivid é féin go raibh sé neamhchiontach, agus díbríodh é de bharr go bhfaca sé daoine eile ag briseadh an dlí [4]- b'fhéidir go raibh sé ar a eolas go raibh caidreamh idir Julia agus Silanus, nó go raibh eolas polaitíochta aige, ach ní féidir bheith cinnte sa lá atá inniu ann. D'fhulaing Óivid go mór mar gheall ar an ruaig sin, gan a chairde, faoi dhrochsláinte agus ag comhrac in aghaidh na mbarbarach, ach d'fhoghlaim sé teanga an cheantair agus scríobh sé roinnt dánta sa teanga sin.
Scríobh Óivid a chuid saothair i leathrainn chaointeacha, ach amháin an saothar iontach Metamorphoses, a scríobh sé i heicsiméadar dachtaileach ar mhúnla na Aeniad de chuid Veirgil agus eipicí Hóiméir. Ní scéal eipiceach ar nós a réamhtheachtaithe a chuireann Óivid in iúl, ach cuntas an chosmais de réir dátaí, óna chruthú chuig a linn féin. Cuireann sé go leor miotas agus finscéalta san áireamh ó thraidisiúin na Gréige agus na Róimhe.
Cuirtear na dánta seo síos do Óivid, ach meastar go leathan nach rinne sé iad:
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.