Optaic gheoiméadrach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cur síos ar fhorleathadh solais ó thaobh gathanna is ea an optaic gheoiméadrach. Coincheap teibí is ea an ga san optaic gheoiméadrach, atá úsáideach le haghaidh meastacháin a dhéanamh ar na conairí ina thaistealaíonn an solas faoi chúinsí áirithe. Maidir le gathanna solais, bíonn an optaic gheoiméadrach bunaithe ar na tuiscintí bunúsacha seo a leanas;
- i línte díreacha a fhorleathann na gathanna agus iad ag taisteal i meán aonchineálach
- lúbann na gathanna, agus i gcásanna faoi leith, gur féidir leo scoilt ina dhá leath idir dhá mheán éagsúil
- leanann siad conairí cuartha i meán ina n-athraíonn an chomhéifeacht athraonta
- is féidir leo bheith ionsúite nó frithchaite.
Ní mhíníonn an optaic gheoiméadrach éifeachtaí optúla áirithe ar nós díraonta agus trasnaíochta. Tá an simpliú seo úsáideach i gcleachtas; is neasúchán den scoth é nuair a bhíonn an tonnfhad beag i gcomparáid le méid na struchtúr a mbíonn an solas idirghníomhach leis. Baineann na teicnící go háirithe le cur síos ar ghnéithe geoiméadracha an íomháithe, lena n-áirítear iomraill optúla.