aisteoir, fuirseoir, agus scannánóir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteóir, fuirseoir, agus táirgeoir Meiriceánach é Adam Richard Sandler. Rugadh é sa bhliain 1966, ar an 9ú Meán Fómhair, i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Tháinig sé go cáil ina bhall de foireann Saturday Night Live. Tá sé cáiliúil mar an réalt na scánnáin a thuill níos mó ná $2 billiúin ag an oifig ticéad[1], ina measc na scannáin grinn: Billy Madison (1995), Happy Gilmore (1996), The Waterboy (1998), Big Daddy (1999), agus Mr. Deeds (2002). Chomh maith le scannáin grinn, ghlac sé pháirt i scannáin drámaíochta, mar shampla na léiriú: Punch-Drunk Love (2002), Reign Over Me (2007), agus Funny People (2009). I 1999, bhunaigh Sandler Happy Madison Productions, comhlacht léiriú na teilifíse agus na scannáin a léirigh a lán scannáin agus an tsraith theilifíse Rules of Engagement (2007). Meastar go bhfuil sé fiú níos mó ná $300 milliún.[2]
Rugadh Adam Sandler i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Is mac de Stanley agus Judy Sandler é. D'oibrigh a athair mar innealtóir leictreach, agus a mháthair mar mhúinteor i naíolann.[3] Is as teaghlach Giúdach é.[4] Nuair a bhí Adam cúig bliana d'aois, bhog a chlann go Manchester, New Hampshire, agus d'fhreastáil sé ar Manchester Central High School ansin. Ba fhuirseoir iontach é, agus bhláthaigh a shuim i gcoiméide agus é ag freastal ar New York University. D'fhág Sandler an Tisch School of the Arts, cuid de NYU, i 1988.[5]
Ar an 22ú Meitheamh, 2003, phós sé Jacqueline Samantha Titone. Tá dhá iníon ag an cúpla- Sadie Madison Sandler[6], (rugadh i 2006), agus Sunny Madeline Sandler[7] (rugadh i 2008). Tá siad ina gcónaí i Los Angeles, California.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.