California

stát sna Stáit Aontaithe From Wikipedia, the free encyclopedia

California
Remove ads

Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California (nó an Chalafóirn uaireanta).[1][2] Is é Sacramento príomhchathair Chalifornia, ach is é Los Angeles an chathair is mó sa stát (agus an dara is mó sa tír).

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...

Tá an Stát suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Chiúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra de agus an tríú stát is mó de réir achair.

Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór ar thángthas air sa bhliain 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh.

Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif.

Daonra dlúth atá i ndeisceart na Calafóirne, agus is lú an líon daoine atá le fáil sa taobh thuaidh. Is é Los Angeles, sa deisceart, an chathair is mó sa stát agus is é an dara cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Is é mórcheantar San Francisco, sa dtuaisceart, an dara ceantar uirbeach is mó sa stát. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin.

Remove ads

Ainm an Stáit

Creidtear go dtagann ainm an stáit ó Las sergas de Espladián (Eachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, a raibh oileán ann darbh ainm "California" a bhí ar nós Parthais. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal "chomh te le hoigheann" (cali > te, fornia > oigheann).

Stair

Ar an 24 Eanáir 1848 fuarthas an chéad píosa óir i gCalifornia. Chuir sé sin tús le Fuadar Óir Chalifornia.

Tíreolaíocht

Tá éagsúlacht mhór ag baint le tíreolaíocht Chalifornia ón gcósta thiar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada thoir, agus ó dheas arís chun Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Tá an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.

Contaetha in California

Cathracha agus bailte is mó daonra

Thumb
An Droichead Golden Gate in aice San Francisco

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads