Bacainn fola inchinne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bac roghnach ar mhalartú ábhar idir fuil is cealla na hinchinne, a bhraitheann ar thréscaoilteacht dhifreálach na ribeadán san inchinn. Trasnaíonn uisce, ocsaigin is dé-ocsaíd charbóin go tapa ach ní thrasnaíonn salainn, próitéin is dopaimín ach go mall. Meastar gur feidhm amháin atá leis an mbac is ea cosaint na hinchinne i gcoinne tocsainí san imshruthú fola.[1]