Croí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is orgán matánach i ndaoine agus in ainmhithe eile é an croí a bhíonn ag pumpáil fola thart ar an chorp, trí fhuileadán an chórais imshruthaithe. Caidéal atá sa chroí a bhrúnn an fhuil trí na fuileadáin nó an córas imshruthaithe ar fud na colainne.
Fíricí Gasta Sonraí, Laidin ...
Sonraí | |
---|---|
Laidin | cor |
Cuid de | córas imsruthaithe |
artaire corónach deas agus artaire corónach clé | |
vena cava uachtarach | |
In-néarógú | mogalra cairdiach |
Aitheantóirí | |
MeSH | D006321 |
TA | A12.1.00.001 |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.526 |
EB Online | science/heart |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Dún
Soláthraíonn an fhuil bia, ocsaigin agus substaintí eile timpeall na colainne agus freisin cuidíonn sé le fuíollábhair mheitibilacha a bhaint.
Tá croí an duine thart fán mhéid chéanna le dorn druidte. Tá sé suite idir na scamhóga, sa spás meánchliabhraigh. Tugtar an matán cairdiach ar an chroí.