From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla dúnmharú George Floyd, fear ón gcine gorm, i Minneapolis ar 25 Bealtaine 2002, tar éis do na póilíní é a ghabháil.[1] Sáinníodh Floyd ar an talamh agus choinnigh póilín, Derek Chauvin a ghlúin ar a mhuineál nó go bhfuair sé bás tar éis breis is naoi nóiméad.
| ||||
Cineál | dúnmharú Brúidiúlacht na bpóilíní sna Stáit Aontaithe | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 25 Bealtaine 2020 | |||
Suíomh | Powderhorn, Minnesota | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | brúidiúlacht na bpóilíní | |||
Is cúis le | agóidí George Floyd cás in aghaidh Derek Chauvin 2020 Eulogy of Al Sharpton at the George Floyd Funeral (en) | |||
Íospartach | George Floyd íospartach dúnmharaithe | |||
Líon básanna | 1 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Déantóir na coire | Derek Chauvin (garda, dúnmharfóir) | |||
Haischlib | #GeorgeFloyd, #Icantbreathe agus #Sayhisname |
Bhí slua ann ag breathnú ar an eachtra nuair a tachtadh Floyd. Rinneadh scannánú ar an eachtra. Ghlac Darnella Frazier, bean óg (17 bliain ag an am), an físeán den dúnmharú.[2]
Cor cinniúnach ba ea an cás Floyd i stair Mheiriceá maidir le freagracht na bpóilíní.[3] Bhí cosúlachtaí idir cás George Floyd agus ionsaithe ciníocha eile, mar shampla cás Amadou Diallo, Sean Bell agus go leor eile.[4]
Tharla agóidí mar gheall ar chás George Floyd sna laethanta ina dhiaidh, taobh amuigh den Teach Bán in Washington DC, chomh maith le Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago, Portland, Oregon, Atlanta, Los Angeles agus go leor cathracha eile ar fud na tíre[5].
I dtvuít ar an 29 Bealtaine[6], dúirt an tUachtarán Donald Trump go bhféadfadh sé an Garda Náisiúnta a chur go Minneapolis agus go bhféadfaidís daoine a bhí i mbun creachadóireachta a chaitheamh.[7] Bhí sé tugtha le fios ag Twitter ag an am gur sháraigh an tvuít a gcuid rialacha ar an mbonn gur ag cothú foréigin a bhí sé.
Bhí comhaltaí de Gharda Náisiúnta Mheiriceá curtha ar dualgas i Minneapolis ar 29 Bealtaine.
Bhí Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, cáinte. Iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, James Mattis a rinne an cáineadh is mó, ag rá nach bhfuil tada ón Uachtarán Trump, ach an pobal ansin a scoilteadh.[8] Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar go raibh easpa mór i gceannasaíocht mhorálta sna Stáit Aontaithe i bhfianaise an bhealaigh ar bhásaigh George Floyd.
Ar dtús, bhí dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain den dara grád, de réir dlí Mheiriceá, curtha i leith oifigeach as bás Floyd, Derek Chauvin, póilín den chine geal agus 44 bliain ag an am.. Ansin ar 3ú Meitheamh, tháinig méadú cuí ar na cúisimh i leith Chauvin. le cúisiú i ndúnmharú den dara grád.[9]
Mhair an triail sa bhliain 2021 trí seachtaine agus thug 45 duine fianaise, an scamhógeolaí de bhunadh na hÉireann Martin Tobin ina measc.
Ar an 20 Aibreán 2021, chiontaigh giúiré Chauvin, sa trí chúis a bhí curtha ina leith, mar atá, dúnmharú den dara grád, dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain.[10]
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden gur "céim ollmhór chun cinn i dtreo na córa" sa tír ba ea ciontú Chauvin, dúnmharú "a tharla os comhair an tsaoil a bhí ann agus gur bhain sé na dallóga de dhaoine ar fud an domhain." Smál ar anam an náisiúin atá sa chiníochas córasach, a dúirt sé.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.