Oregon

Stát ins na Stáit Aontaithe From Wikipedia, the free encyclopedia

Oregon
Remove ads

Ceann de na stáit i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Oregon, agus é suite in iarthar na tíre. Tá sé ag críochantacht le California, le Stát Washington, le hIdaho agus le Nevada. Is í Salem príomhchathair an stáit, ach is í Portland an chathair is mó.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...

Bhí 3,831,074 duine ina gcónaí in Oregon sa bhliain 2010 de réir dhaonáireamh na bliana úd,'s é sin 15.4 duine sa chiliméadar cearnach. 'S é Oregon an 27u stát is mó ó thaobh daonra de agus an 39u stát ó thaobh a achair.

In iardheisceart Oregon, i gContae Douglas, tá cathair bheag darb ainm Riddle. Is dócha go raibh caidreamh maith ag na hÉireannaigh leis an áit na blianta ó sin, ós rud é go dtugtar The Irish - "Na hÉireannaigh" - ar fhoireann na peile Meiriceánaí atá á reáchtáil ag ardscoil an bhaile. Sa bhliain 2000, mhaígh níos mó ná duine as gach deichniúr sa chathair go raibh fréamha Éireannacha de chineál éigin acu.[1]

Thumb
Tonnta an Aigéin Chiúin ag bualadh chósta Oregon, ag féachaint ó dheas ó Pháirc Ecola
Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads