speiceas éan From Wikipedia, the free encyclopedia
Faoileán an-mhór is ea faoileán an Aigéin Chiúin (Larus pacificus), de bhunadh chóstaí na hAstráile. Tá sé measartha coitianta idir Carnarvon san iarthar, agus Sydney san oirthear, cé go bhfuil sé tar éis éirí gann i roinnt áiteanna ar an oirdheisceart, mar thoradh ar iomaíocht ó na ceilpfhaoileáin (Larus dominicanus) a tháinig go dtí an ceantar céanna as a stuaim féin ó na 1940í i leith.
Larus pacificus | |
---|---|
Sonraí | |
Mais | 98.4 g (meáchan breithe) 1.55 kg (meáchan fásta, orgánach fireann) 1.077 kg (meáchan fásta, orgánach baineann) |
Réise sciathán | 147 cm |
Meánlíon in ál | 2.2 |
Tréimhse ghoir | 24 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22694279 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Laridae |
Géineas | Larus |
Speiceas | Larus pacificus Latham, 1801 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha |
I bhfad níos mó ná an faoileán geal uileláithreach, agus ní chomh coitianta, bíonn faoileáin an Aigéin Chiúin de ghnáth le feiceáil ina n-aonar nó i mbeirteanna, ag bodaireacht thart ar imeall an chladaigh, ar patról go tomhaiste go hard os cionn os cionn an tsáile, nó (uaireanta) ag ropadh thar bráid go hárd sa ghaoth chun sliogéisc nó cuán mara a ligean anuas ar na carraigeacha.
B'é an t-éaneolaí John Latham sa bhliain 1801 a rinne an chéad chursíos ar fhoileán an Aigéin Chiúin ó líníocht de chuid Thomas Watling, áit a raibh an t-ainm áitiúil taifeadta mar Troo-gad-dill.[1][2] Tagraíonn a bhuafhocal don Aigéin Chiúin.
Aithnítear dhá fhospeiceas: an fospeiceas a bhí ainmnithe ar dtús mar an speiceas féin L. p. pacificus ón chósta thoir theas agus ón Tasmáin, agus L. p. georgii as an Astráil Theas agus an Astráil Thiar.[3]
Is é faoileán an Aigéin Chiúin an t-aon fhaoileán mór ina raon, seachas ó am go chéile an ceilpfhaoileán. Is féidir an speiceas seo a bheith 58 go go 66 cm ar fhad agus le réise sciathán 137 go 157 cm ar a fhad. De ghnáth, bíonn meáchan ó 900 go dtí 1,180 g acu. Bíonn an speiceas seo den chuid is mó bán, le sciatháin agus droim dorcha agus bíonn a ghob an-tiubh, cumhachtach, buí deargbhiorach, agus (i gcomparáid le speicis eile faoileáin). Bíonn faireoga salainn acu a thálann uisce salainn trí na polláirí. Bíonn cluimhreach bhreacdhonn ar na héin ar fud a gcorp, agus de réir a chéile, faigheann siad a gcluimhreach aosach; roimh a cheathrú bliain, is deacair an faoileán óg seo agus éan fásta a aithint ó chéile.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.