From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar an 26 Meitheamh 2015, tharla oll-lámhach ag an ionad turasóireachta i bPort El Kantaoui, timpeall 10 ciliméadar ó Sousse, sa Túinéis. Áirítear sléacht na hAoine a bheith an ceann is measa a tharla riamh sa Túinéis, tír a bhí daonlathach ó 2011 ar aghaidh.[1]
| ||||
Cineál | dúnmharú líonmhar | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Bloody Friday (en) | |||
Dáta na bliana | 26 Meitheamh 2015 | |||
Suíomh | Port El Kantaoui, An Túinéis (en) | |||
Tír | an Túinéis | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | tourist (en) | |||
Líon básanna | 39 | |||
Líon gortaithe | 36 | |||
Arm | Kalashnikov rifle (en) | |||
Rinne fear amháin, Seifeddine Rezgui, mac léinn, ionsaí ar dhá óstán turasóireachta cóngarach do bhaile Sousse ar chósta na Túinéise.[2] Bhí sé ar na ribí ag an gcócaon is cosúil[3] agus gléasta mar thurasóir é féin. Thosaigh a scaoileadh urchair ar an trá le turasóirí, a bhí ag sú na gréine ar an trá, as gunna Kalashnikov.
Bhí 37 maraithe, 3 Éireannach agus 30 Briotanach ina measc. Mharaigh na póilíní Rezgui.[4]
B'éigean do phóilíní turasóirí agus daoine áitiúla a bhogadh go dtí ceantar sábháilte. Bhí an tslándáil géaraithe go mór sa tír sa bhliain 2015, breis is 1,000 póilín breise ar dualgas lámh le hóstáin agus ionaid saoire.
Ghlac Stáit Ioslam freagracht as an eachtra.[5]
Mí níos déanaí, dúirt Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, go raibh imní mhór ann faoi insíothlú de chuid baill den Ghrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu féin in Éirinn.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.