An Stát Ioslamach

From Wikipedia, the free encyclopedia

An Stát Ioslamach
Remove ads

Is é atá sa Stát Ioslamach (giorraithe mar SI), nó ISIS, Daesh, Daish, srl.[1] ná eagraíocht Silafi jiohádach a bhaineann úsáid as foréigean agus sceimhlitheoireacht chun a gcuspóirí polaitiúla agus creidimh a chur i gcrích. An Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint (SIIL) a thugtar air freisin i measc roinnt leaganacha eile den ainm (mar shampla, (ISIS–K ó Khorasan).

Fíricí Gasta Mana, Ainmnithe in ómós ...

I measc na n-eagraíochtaí agus na dtíortha a aithníonn an Stát Ioslamach mar ghrúpa sceimhlitheoireachta, tá na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, an Rúis, an Tuirc, an Indinéis, agus araile. Tá 60 tír ag troid le SI ar bhealach díreach nó indíreach. Deir SI go bhfuil údarás acu ar Mhoslamaigh ar fud an domhan, ach diúltaíonn grúpaí Moslamacha a leithéid SI mura mbíonn siad faoin smacht SI.

Tá an SI nasctha sa Nigéir agus tíortha Afraiceacha eile le Boko Haram. 'Cúige na hAfraice Thiar' an t-ainm a thugann SI ar na limistéir atá faoi smacht Boko Haram.

Thumb
Talamh faoi smacht SI sa bhliain 2014 (liath, i lár)
Thumb
Mosc Ióna i Mosul na hIaráice a scrios fórsaí an SI
Thumb
Ionsaithe SI ar fud an domhain
Remove ads

Raison d'être

Tá SI i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathracha Meice agus Medina suite.

Tá SI i gcoimhlint le Moslamacha eile chomh maith, agus an dearcadh 'liobrálach' atá acu.

Eachtraí

Sna 2010idí, thug IS go leor den Mheánoirthear faoina smacht, ... bhí smacht ag an Stát Ioslamach ar oirthear na Siria (móide codanna beaga eile den tír chéanna), cuid mhaith d’iarthar na hIaráice, agus áiteanna scaipthe sa Libia agus sa Nigéir. Bhí suas le 10 milliún duine faoina riail ar feadh tamaillín. Thug lucht SI “an Chailifeacht” ar a riail. Sa mbliain 2014 bhí go leor cainte sna meáin faoin slad a bhí ISIS a dhéanamh ar ghrúpa beag Iasaídeach (Yazidi) a bhí ina gcónaí thart ar chathair Sinjar i dtuaisceart na hIaráice.[2] Bhí SI á ndíbirt seo as a dtithe agus as a ngabháltais. Maraíodh breis is 3000 fear agus seanduine de na Yazidi. Díoladh breis is 6000 bean agus a bpáistí ar mhargaí sclábhaíochta is gnéis. A gcoir – gur ainchreidmhigh a bhí iontu nár ghéill d’Ioslam.[2]

I mí Iúil na bliana 2014, ghabh fórsaí SI Mosul, cathair san Iaráic, agus scrios siad Mosc Yunus (Ióna sa traidisiún Críostaí) in éineacht le mosc eile ón 13ú céad agus scrín Chríostaí ón 14ú céad.[3]

In 2015 scriosadh fothracha ársa i bPalmyra sa Siria.

Ar an 27 Eanáir 2019 rinne IS ionsaí ar an ardeaglais Chaitliceach in Jolo, Sulu, sna hOileáin Fhilipíneacha,

I mBealtaine 2021, maraíodh 68 duine ar a laghad in ionsaí buamála ar scoil do chailíní i gCabúl

Ar 26 Lúnasa 2021, maraíodh 182 duine ar a laghad, páistí ina measc, de bharr ionsaí buamála de chuid IS ar Aerfort Chabúl san Afganastáin [4]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads