Itamar Ben-Gvir
From Wikipedia, the free encyclopedia
Dlíodóir agus polaiteoir Iosraelach is ea Itamar Ben-Gvir (Eabhrais: אִיתָמָר בֶּן גְּבִיר ; Araibis:ايتمار بن جبير: a rugadh Bealtaine 1976 ), a fheidhmíonn mar Aire um Shlándáil Náisiúnta.[1] Tá sé ina bhall freisin den Knesset agus ina cheannaire ar Otzma Yehudit.[2][3] Tá cur síos déanta air mar dhuine atá i bhfad ar dheis ar an speictream polaitiúil.[4][5]
Ainm sa teanga dhúchais | (he) איתמר בן גביר |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 6 Bealtaine 1976 48 bliana d'aois Mevaseret Zion, Iosrael |
Aire um Shlándáil Náisiúnta. | |
29 Nollaig 2022 – ← Omer Bar-Lev | |
Ball den Knesset | |
20 Samhain 2022 – luach ar iarraidh Téarma parlaiminte: 25th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
15 Samhain 2022 – 20 Samhain 2022 Téarma parlaiminte: 25th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
3 Iúil 2022 – 15 Samhain 2022 Téarma parlaiminte: 24th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
6 Aibreán 2021 – 3 Iúil 2022 Téarma parlaiminte: 24th Knesset (en) | |
Ceannaire páirtí Otzma Yehudit | |
2019 – ← Michael Ben-Ari | |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Jewish fascism (en) |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ono Academic College (en) |
Áit chónaithe | Kiryat Arba (en) |
Teanga dhúchais | an Eabhrais |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Iarúsailéim |
Gairm | dlíodóir, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Otzma Yehudit The Religious Zionism (en) |
Ball de | |
Gluaiseacht | Anti-Arab racism (en) , Forchiníochas, polaitíocht radacach agus Kahanism (en) |
Teangacha | An Eabhrais |
Eile | |
Ciontaíodh i | incitement to ethnic or racial hatred (en) (2007) |
Cúisíodh Ben-Gvir, lonnaitheoir sa Bhruach Thiar, sna críocha faoi fhorghabháil Iosrael, go minic sna cúirteanna as círéibeacha, óráidí athlastacha in aghaidh na nArabach, agus as bac a chur ar obair na bpóilíní. Ciontaíodh é freisin as ciníochas agus as bolscaireacht a bheith aige ar son eagraíocht sceimhlitheoireachta.
Bhí portráid aige, ina seomra suí, den sceimhlitheoir Iosraelach-Mheiriceánach Baruch Goldstein, a mharaigh 29 adhróirí Moslamach Palaistíneacha agus a ghortaigh 125 duine eile i Hebron, sa bhliain 1994, i Sléacht Mhosc Ibrahimi. Bhain sé an phortráid tar éis dó dul isteach sa pholaitíocht.[6] Ciontaíodh é roimhe seo freisin as tacú le grúpa sceimhlitheoireachta ar a dtugtar Kach, a ghlac le Kahanism, idé-eolaíocht reiligiúnach antoisceach Zionach.[7]
Faoina cheannaireacht, bhuaigh Otzma Yehudit (Gaeilge: Cumhacht Ghiúdach), páirtí a shealbhaíonn an Kahanachas agus an frith-Arabachas, sé shuíochán i dtoghchán reachtach Iosrael 2022, agus a bhfuil ionadaíocht aige i rialtas ar a dtugtar an rialtas is diongbháilte ar an eite dheas, i stair Iosrael.[8][9][10][11] D'éiligh sé go ndíbreofaí saoránaigh Arabacha Iosrael nach bhfuil dílis d’Iosrael.[11] Mar dhlíodóir, tá cáil air as radacaithe Giúdacha a chosaint ar a dtriail in Iosrael.[12]