From Wikipedia, the free encyclopedia
Fear gnó, eacnamaí agus polaiteoir Albanach de chuid an Pháirtí Liobrálaigh ab ea James Wilson (3 Meitheamh 1805 – 11 Lúnasa 1860. Wilson a bhunaigh The Economist, nuachtán seachtainiúil, agus The Chartered Bank of India, Australia and China (a comhcheanglaíodh le Standard Bank sa bhliain 1969 mar Standard Chartered).[1][2][3][4]
Rugadh James Wilson in Hawick sna Teorainnchríocha. Bhí a athair, William Wilson, rachmasach as muileann teicstílí a bhí aige. Aoirí a bhí ina mhuintir roimhe sin siar. An 4ú páiste de chúig dhuine déag a bhí in James (bhain deichniúr díobh a lán-aois amach). Fuair a mháthair bás agus é óg.[5]
Mar scoláire maith féin-oilte de chúlra Chumann na gCairde, bhí saol mar mháistir scoile i ndán dó, ach bhí an oiread fuatha leis ar an obair sin go dúirt sé gurbh fhearr leis a bheith mar an searbhónta ab úirísle i muileann a athar. Sa deireadh chinn sé ar staidéar a dhéanamh ar an eacnamaíocht. In aois a 16 bliana, thosaigh sé mar phrintíseach i monarcha hataí. Ní ba dhéanaí, cheannaigh a athair an ghnólacht chéanna dósan agus dá dheartháir níos sine, William. D'imigh siad ó Albain agus chuir siad fúthu i Londain nuair a bhí James 19 bliana d'aois agus £2,000 an duine acu mar bronntanas óna n-athair (£130,000 a bheadh i gceist sa bhliain 2005).
Chuir na deartháireacha monarcha ar bun faoin ainm Wilson, Irwin & Wilson, a dhíscaoil siad sa bhliain 1831. Lean Wilson den treo gnó céanna agus d'éirigh go maith leis (bhí luach £25,000 aige faoin mbliain 1837, nó £1,630,000 i bpuntaí 2005). I ngéarchéim eacnamaíochta na bliana 1837, chaill sé an chuid is mó dá rachmas nuair a thit praghas an indeagó. Faoin mbliain 1839 bhí an chuid ba mhó dá shealúchas díolta aige agus sheachain sé féimheacht. I 1853, áfach, bhunaigh sé The Chartered Bank of India, Australia and China, fiontar níos brabúsaí.
Go ginearálta bhí Wilson i gcoinne pribhléidí do Eaglais Shasana, úsáid na ballóide rúnda (a bhíothas á mholadh sa bhliain 1853), agus na Dlíthe arbhair. Scríobh sé paimfléad dar theideal Influences of the Corn Laws, as affection all classes of the community, and particularly the landed interests. De réir a chéile tharraing an paimfléad moladh ó léitheoirí agus d'fhás clú Wilson dá réir. Lean sé de bheith ag scríobh faoi chúrsaí airgeadra, go mór mhór an t-aiste The Revenue; or, What should the Chancellor do?. Thosaigh sé ag scríobh do na páipéir nuachta, mar shampla an Manchester Guardian. Sa bhliain 1843 chuir sé The Economist ar bun mar nuachtán chun feachtas a chur ar siúl ar son na saorthrádála, agus ghníomhaigh sé mar phríomheagarthóir agus mar dhílseánach aonair ar feadh 16 bliana. Tharraing alt amháin dá chuid [6] i gcoinne Bille na nDeich nUaire aird agus locht Karl Marx[7] as "míthuiscint" ar bhrabús agus ar an lá oibre. Foilsítear The Economist i gcónaí agus ciorclacht sheachtainiúil de bhreis is 1.6 milliún aige ar fud an domhain.[8]
Ghlac Wilson suíochán i dTeach na dTeachtaí mar bhall den Pháirtí Liobrálach (RA) do Westbury, Wiltshire, sa bhliain 1847.[9] De bharr an cur amach aige ar chúrsaí eacnamaíochta, sa bhliain 1848 cheap an príomh-aire, an Tiarna John Russell, é ina Rúnaí ar an mBord Ceannais, a stiúir gnóthaí Raj na Briotaine san India, post a bhí aige gur thit an rialtas Briotanach sa bhliain 1852. Rinne sé seirbhís ansin mar Rúnaí Airgeadais don Chiste ó 1853 go 1858, ar dtús i gcomhrialtas George Hamilton-Gordon, 4ú hIarla Aberdeen (1852–1855) agus ina dhiaidh sin sa chéad rialtas ag an Tiarna Palmerston (1855–1858). Sa bhliain 1857 cuireadh ar ais chuig an bParlaimint do Devonport.[10] Ar feadh tamaill ghairid, bhí sé in oifig arís faoi Palmerston mar Phámháistir Ginearálta agus Leas-uachtarán Bhord na Trádála ón Meitheamh go mí Lúnasa 1859. Cuireadh faoi mhionn é mar bhall de Chomhairle na Banríona sa bhliain chéanna.[11]
I mí Lúnasa na bliana 1859 d'éirigh Wilson as na poist seo agus as a shuíochán sa pharlaimint chun post mar bhall an airgeadais ar Chomhairle na hIndia a ghlacadh. Cuireadh chun na tíre úd le córas cánach agus airgeadra páipéir nua a bhunadh, agus le caoi a chur ar chóras airgeadais na hIndia i ndiaidh Ceannairc 1857. Ní raibh sé bliain sa phost sin, áfach, sula bhfuair sé bás. Sa bhliain 1860, dhiúltaigh sé éalú ó theas an tsamhraidh i gCalcúta, thóg sé dinnireacht agus d'éag sé i mí Lúnasa na bliana úd in aois a 55 bliana.
In ainneoin a róil thábhachtaigh phoiblí, cuireadh Wilson in uaigh gan ainm sa reilig in Sráid Park, Mullick Bazar i gCalcúta. Tháinig C. P. Bhatia, coimisinéir cúnta um Chánacha Ioncaim, ar an uaigh sa bhliain 2007 agus é ag déanamh taighde ar stair chánach na hIndia. De bharr a iarrachtaí thóg an Christian Burial Board leac ann dó.[12][13]
Phós Wilson Elizabeth Preston ó Newcastle upon Tyne i mí Eanáir 1832. Bhí seisear iníonacha acu agus phós an duine ba shine acu, Eliza, Walter Bagehot.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.