From Wikipedia, the free encyclopedia
Dearcadh duairc ar an saol is ea uaigneas,[1] nuair a bhraitheann daoine go bhfuil siad scoite amach ón gcuid eile den phobal, nach mbíonn comhluadar acu, nó sin a cheapann siad.[2]
Cé go bhfuil an chuma ar an scéal gur mí-ádh pearsanta é, tá na cúinsí maireachtála agus an imeascadh an tsochaí thar a bheith tábhachtach. Chuir dianghlasáil na paindéime Covid-19 dlús leis an fhadhb seo a aithnítear anois a bheith forleathan i dtíortha ‘forbartha’ an domhain. Mar shampla, mar thoradh ar an bpaindéim san Aontas Eorpach, le linn 2020-2022, mhéadaigh líon na ndaoine ar a raibh uaigneas sna réigiúin éagsúla idir 22 % agus 26 %, agus in Éirinn go háirithe.[3]
Tá daoine ann a shantaíonn an t-aonarchas agus ná bíonn aon phioc uaignis orthu gan daoine a bheith mórthimpeall orthu. Is geall leis na flaithis acu é go deimhin.
Sa Ghaeilge, tá cuid den fhilíocht is áille againn bunaithe ar a bheith ‘amuigh ar an uaigneas’, nó a bheith ina aonar. Tá roinnt miondifríochtaí céille ag an bhfocal 'uaigneas', nach bhfuil ann i mBéárla agus 'loneliness'.
Is féidir le haonrú sóisialta agus uaigneas tionchar suntasach a imirt ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus tá sé nasctha le go leor riochtaí sláinte ainsealacha. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa bhliain 2023 gur geall le géarchéim sláinte é an t-uaigneas i saol an lae inniu. Tá sé chomh díobhálach céanna don gcorp is don gceann agus atá a bheith a’ caitheamh cúig cinn déag de thoitíní sa lá, agus chomh holc duit is a bheadh sé dá gcaithfeá siar sé dheoch mheisciúil in aghaidh an lae.[8] Áirítear é mar chúis le galar croí agus néaltrú, gan trácht ar an bhféinmharú.[9][10]
Tá nasc déanta ag staidéir iomadúla le haonrú agus uaigneas le riochtaí ainsealacha sláinte lena n-áirítear galar croí, galar scamhóg, galar cardashoithíoch, hipirtheannas, atherosclerosis, stróc, agus neamhoird mheitibileacha, amhail murtall agus galar meitibileach. Tá baint aige freisin le feidhm chognaíoch níos boichte agus le meabhairshláinte níos boichte.[11]
Ag an am céanna, is féidir le fadhbanna meabhairshláinte daoine a aonrú.
Tá go leor buntáistí ag baint le naisc shóisialta a thógáil agus a chothabháil do shláinte agus folláine fhadtéarmach.[11] Agus scrúdú á dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí cruthaitheacha ar shaol daoine scothaosta, léiríodh sna torthaí tuarascála nuafhoilsithe a rinne Staidéar Fadaimseartha na hÉireann ar Aosú (TILDA) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go raibh caighdeán saoil níos fearr ag daoine fásta scothaosta a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus gur lú seans go mbeidís uaigneach.[12] Má ghlacann daoine atá ag dul in aois páirt i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha cabhraíonn sé lena sláinte agus lena bhfolláine, agus cuidíonn sé leis an uaigneas, an dúlagar agus an strus a laghdú.
Meastar daoine óga a bheith i bhfad níos uaigní ná daoine aosta. Barraíocht ama á chaitheamh acu ag scrolláil ar a ngutháin póca, b'fhéidir, ag caitheamh an iomarca ama ag ‘cumarsáid’ go leictreonach. Gan dóthain ama á chaitheamh go fisiciúil acu le cairde is gaolta.[9]
D’eisigh Parlaimint na hEorpa cáipéis[13] sa bhliain 2023, toradh ar shuirbhé a rinneadh in 2022 i measc phobal na mballstát ar leibhéal an uaignis i measc an phobail.[14] Bhí muintir na hÉireann ar bharr an liosta, agus níos uaigní ná tír ar bith eile. Fuarthas amach sa suirbhé seo ar fud an Aontais ar an uaigneas go dtuairiscíonn 13% de na freagróirí ar an meán go bhfuil siad uaigneach an chuid is mó nó an t-am ar fad. Bhí na figiúirí d'Éirinn níos airde ná meán an AE agus bhí uaigneas ar breis agus fiche faoin gcéad den ndream daoine a ceistíodh in Éirinn.[15]
Bíonn Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ag caint ar an scamall atá ar roinnt feirmeoirí agus iad ina n-aonar.[16]
I léacht a thug Hillary Clinton, iar-rúnaí Stáit agus iarsheanadóir Nua-Eabhrac, maíonn sí go bhfuil an t-uaigneas ag cur an daonlathais i mbaol, fiú.[17] Dearbhaíonn sí go bhfuil tráchtais is teoiricí is teachtaireachtaí frithdhaonlathacha á gcur ar na meáin ag daoine díobhálacha.
Áiríonn sí an t-iaruachtarán Trump ar dhuine acusan. Tugann sé, a deir sí, údar gráin is drochamhrais do dhaoine aonaracha. Cothaíonn a leithéid paranóia agus fuath dá chéile.[18]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.