AWS

From Wikipedia, the free encyclopedia

AWS
Remove ads

Seirbhís néal ríomhaireachta de chuid Amazon is ea Amazon Web Services, nó AWS, ar cheann de na seirbhísí néalríomhaireachta is mó agus is tábhachtaí ar domhan. Bunaíodh AWS in 2006 mar chuid de Amazon.com, .

Thumb
Thumb
Ionad AWS ollmhór in Oregon
Fíricí Gasta Sonraí, Ainm gearr ...
Remove ads

Príomhsheirbhísí

Cuireann AWS raon leathan seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear néalríomhaireacht (EC2), néalstóráil (S3), bunachair shonraí (RDS), líonrú, agus go leor eile. Soláthraíonn AWS bonneagar is féidir a scálú go héasca de réir riachtanais an chustaiméara.

Úsáideann gnólachtaí beaga agus móra araon AWS - ó ghnólachtaí onnmhaire amhail Netflix, Airbnb, agus NASA go cuideachtaí nua agus forbróirí aonair.

Oibríonn AWS ar mhúnla "íoc-mar-a-úsáidtear" - íocann custaiméirí as na hacmhainní a úsáideann siad amháin. Ciallaíonn sé seo gur féidir le gnólachtaí costais a laghdú agus scálú suas nó síos de réir mar is gá. Tugann AWS deis mar sin do ghnólachtaí de gach saghas seirbhísí ríomhaireachta a úsáid gan infheistíocht ollmhór i mbonneagar fisiceach.

Tá ionaid sonraí ag AWS ar fud an domhain (in Éirinn chomh maith), rud a ligeann do chustaiméirí seirbhísí a chur ar fáil go háitiúil agus dlíthe áitiúla um chosaint sonraí a chomhlíonadh.

Remove ads

2025

Ar an 20 Deireadh Fómhair 2025 d'imigh na céadta suíomh idirlín agus aipeanna as líne ar fud an domhain. Bhí AWS, as ord ar feadh roinnt uaireanta an chloig, rud a chuir isteach ar na mílte suíomh idirlíne agus gnóanna ar líne. Fadhb theicniúil le AWS faoi ndear é seo. Ghoill an fhadhb ar shuíomhanna áirithe, ina measc 'Snapchat' agus 'Lloyds Bank'.[1] Bhí deacrachtaí ag go leor daoine fáil isteach i suíomhanna idirlín agus aipeanna ar nós Duolingo agus Zoom Ní raibh tionchar mór ag na fadhbanna in Éirinn.[2]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads