Adewale Akinnuoye-Agbaje
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is aisteoir é Adewale Akinnuoye-Agbaje a rugadh sa Bhreatain ar 22 Lúnasa 1967. Is ón Nigéir dá mhuintir agus chuir siad fúthu i Londain. Rugadh Akinnuoye-Agbaje in Islington agus tá ceathrar deirfiúr aige. Tá a lán teangacha aige - Béarla, Iodáilis, Iarúibis (teanga a thuismitheoirí) agus Svahaílis. Bhain sé amach céim mar Mháistir sa Dlí i gColáiste an Rí i Londain. Is Búdaí é Akinnuoye-Agbaje[1] agus tá sé ar lucht leanúna Arsenal F.C.
Rinne Adewale páirt an bhithiúnaigh Simon Adebisi ar Oz, clár de chuid HBO, agus páirt Mr Eko ar Lost, clár teilifíse de chuid ABC i Meiriceá. D'iarr sé cead scoir de bharr bhás a thuismitheoirí agus chun scannán a stiúradh. Déanann sé a chuid féin d'aon pháirt a fhaigheann sé (rud ba chúis leis an iomrá gur chaill sé a pháirt in “Lost” toisc gur ghabh sé neamhchuidiúlacht an charachtair air féin).
Tháinig sé os comhair an cheamara den chéad uair sa bhliain 1994 i bhfíseán Dawn Penn le haghaidh "No, No, No (You Don't Love me)", amhrán lasta dá cuid. Timpeall an ama chéanna bhí sé feiceáil san fhíseán a bhí ag gabháil le "Jealousy", amhrán de chuid na Pet Shop Boys a raibh an-ráchairt air. Is iomaí páirt a rinne sé i scannáin ó shin, agus bhí sé ina ath-thíoránach Afracach in "The Bourne Identity" (2002).
Remove ads
Scannáin
Remove ads
Fiseáin Cheoil
- "Love No Limit" - Mary J. Blige
- "No No No" - Dawn Penn
Tagairtí
Naisc Sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads