Alexander Mackenzie Stuart

dlíodóir (1924-2000) From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

An chéad bhreitheamh ón Ríocht Aontaithe ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ab ea Alasdair Mac Coinnich Stiùbhairt nó Baron Alexander Mackenzie Stuart (18 Samhain 19241 Aibreán 2000).[1]

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Tar éis dó a bheith ina Abhcóide na Banríona rathúil agus ina bhreitheamh in Albain, ceapadh ar an gCúirt Bhreithiúnais é, le héifeacht ó mhí Eanáir 1973. Bhí sé ina bhall den Chúirt ar feadh cúig bliana déag agus ina Uachtarán uirthi ó 1984 go dtí go ndeachaigh sé ar scor.[2]

I measc na rudaí is tábhachtaí a rinne sé mar Uachtarán na Cúirte, chuir sé dlús le tógáil fhoirgneamh nua na Cúirte agus mhaoirsigh sé ar ullmhúchán le haghaidh bhunú Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach (an Chúirt Ghinearálta faoi láthair) a thosaigh ag oibriú den chéad uair i 1989.

Chuidigh an cúlra a bhí aige mar abhcóide Albanach le rian de dhearcadh agus taithí na ndlíodóirí sa Ríocht Aontaithe a fhágáil ar fhorbairt dlí na gComhphobal Eorpach.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads