An India

From Wikipedia, the free encyclopedia

An India
Remove ads

Is tír í an India (nó Poblacht na hIndia nó an Ind uaireanta) i ndeisceart na hÁise. Is í an seachtú tír ar domhain ó thaobh achair de agus an tír is mó ar domhain ó thaobh daonra de.[1] Is í an daonlathas is mó ar domhain chomh maith.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Sanasaíocht

Tagann an t-ainm "an India" ón Iondúis, atá díorthaithe ón fhocal Sean-Pheirseach Hindu, ón Sanskrit Sindhu, an t-ainm stairiúil áitiúil d'abhainn na hIondúise. Thug na sean-Ghréigigh Indoi (Ινδοί) (pobal na hIondúise) ar na hIndiaigh.

Tugtar "Bharat" ar an India freisin, i mbunreacht na hIndia agus i dteangacha na tíre. Tá an stádas céanna leis an dá fhocal. Tagann Bharat ó ainm an finscéalach Bharata i miotaseolaíocht na hIndia.

Remove ads

Tíreolaíocht

Tá imeallbhord 7,517 ciliméadar ag an India ar an Muir Arabach, ar an Aigéan Indiach agus ar Bhá Beangál. Tá teorainn aici leis an bPacastáin, Sín, Neipeal, Bútain, Banglaidéis agus le Maenmar. Tá oileán Shrí Lanca suite amach ó chósta oirdheisceart na hIndia.

Polaitíocht

Is poblacht í an India agus 29 stát agus seacht gcríoch aontais inti. Is daonlathas parlaiminteach é.

Geilleagar

Bhí an 12ú geilleagar is mó ag an India sa bhliain 2008. Cé go bhfuil geilleagar láidir eascarthach ag an tír, tá an bochtanas, an neamhlitearthacht, agus an galar fós ann mar fhadhbanna mhóra.

Teangacha na hIndia

Is stát iolraíoch ilteangach il-eitneach í an India sa lá atá inniu ann.

Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hiondúis agus Béarla na príomhtheangacha atá in úsáid ag an rialtas cónaidhme. Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India.

Is iarchoilíneacht de chuid na Fraince í Pondicherry agus tá cúpla focal Fraincise á labhairt fós ann.

An Ghaeilge

Cé go bhfuil an chuma air ar an scéal sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is ársa ann a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí i gcoitinne ann uair den tsaol idir na hÉireannaigh agus na hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún.

Chuaigh an t-údar Manchán Magan i mbun taighde ar na nascanna atá le feiceáil inár dteanga agus ár miotaseolaíocht mar chuid dá leabhar ‘Brehons and Brahmins’.Tugann sé fa oi deara go raibh an-chuid focail mar an gcéanna leis an Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go dtéann na cosúlachtaí cultúrtha agus miotaseolaíochta siar sa tseanstair, agus tá macallaí ann go fóill.[2]

Remove ads

Stair na hIndia

Aithníodh fo-ilchríoch na hIndia ó thaobh saibhris trádála agus saibhris cultúrtha ar feadh i bhfad. Is ann a bhí sibhialtacht ghleann na hIondúise lonnaithe agus is réigiún bhealaí trádála stairiúla agus impireachtaí stairiúil í freisin.

Tháinig ceithre reiligiún mór ón fo-ilchríoch - an Hiondúchas, an Búdachas, an Jaineachas agus an Suíceachas agus tháinig an Sóróstarachas, an Giúdachas, an Chríostaíocht agus Ioslam roimh 1000AD.

18ú haois

San 18ú haois bhí faill ag an bhFrainc ar smacht a fháil ar réimse maith den India. Má theip orthu é sin a dhéanamh ní de cheal dúthrachta agus misnigh é; arís agus arís eile chuaigh a gcuid arm i ngleic le reisimintí na Breataine, agus d’éirigh leo limistéar beag a choinneáil acu féin siar ó dheas ó Mhadras (Chennai) i dTamil Nadu.

19ú haois

Diaidh ar ndiaidh ón 18ú haois amach, nascghabh Comhlacht na hIndiacha Thoir an fo-ilchríoch agus ba choilíneacht na Ríochta Aontaithe í ó lár an 19ú haois.

Thumb
Nuachtán, 1944: críochdheighilt
Thumb
Jinnah (pobalóir Moslamach) agus Gandi (tugtha don aislingeacht), 1944
Thumb
1947: an trasimirce is mó riamh

1940idí: Críochdheighilt, Trasimirce agus Cinedhíothú

Bhain an India a neamhspleáchas amach sa bhliain 1947. Bhí ar an mBreatain neamhspleáchas a ghéilleadh don India agus tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach.

Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh Puinseáb, mar a bhí, eatarthu. Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann. Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.

Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, chomh maith le Hiondúigh agus Suícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.

Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.

Fógraíodh neamhspleáchas India ar an 15 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach.

Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir. [3][4] Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.

Fíricí Gasta eilifint, Ainmhí na hoidhreachta náisiúnta ...
Remove ads

Stáit

Is iad na Stáit seo a leanas ballstáit an India:

Féach freisin

  • Stair na hIndia

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads