Neipeal

From Wikipedia, the free encyclopedia

Neipeal
Remove ads

Tír thalamhiata idir an India agus an tSín san Áise Theas is ea Neipeal. Cé nach bhfuil inti ach tír bheag, tá tírdhreach ilghnéitheach le fáil inti, le háiteanna tirime sa deisceart agus roinnt de na sléibhte is airde ar domhan sa tuaisceart. Tá Sliabh Everest ar an teorainn idir Neipeal agus an tSín. Ba ríocht í go dtí 2008, nuair a fógraíodh ina poblacht í.

Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Remove ads

Tíreolaíocht

Tá Neipeal suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil pláta teicteonach na hIndia agus pláta teicteonach na hEoráise ag brú a chéile agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta dá bhíthin sin. [1]

Stair

Bunú na Poblachta

Ar 28 Bealtaine 2008, vótáil Tionól Neipeal chun deireadh a chur le stádas ríochta na tíre agus fógraíodh an tír ina poblacht. Chiallaigh sé seo go raibh deireadh tagtha le réimeas Ríshliocht Shah sa tír, tar éis 240 bliain. Tá sé i gceist go ndéanfar iarsmalann den Phálás Ríoga. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh lucht Maoch chun tosaigh sa rialtas nua. Tá tréimhse dhá bhliain arna tosú anois, chun bunreacht nua a chur i dtoll a chéile.[2]

Remove ads

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads