An Neipeailis

From Wikipedia, the free encyclopedia

An Neipeailis
Remove ads

Is í an Neipeailis (Nepali) príomhtheanga Neipeal agus teanga oifigiúil na tíre. Tá sí á labhairt i Neipeal féin agus sna ceantair in aice leis an tír sin. Ceann de na teangacha Ind-Áiríocha is ea í, agus gaol dlúth aici, mar sin, leis an Hiondúis agus le cuid mhór eile de theangacha na hIndia. Tá an Neipeailis níos seanársa ná an Hiondúis, agus níl an oiread céanna d'fhocail Pheirsise in úsáid inti.

Fíricí Gasta नेपाली, Cineál ...

Is é Nepali an t-ainm oifigiúil ar an teanga sa teanga féin, ach tugtar Khaskura agus Gurkhali uirthi freisin. Is í teanga dhúchais na nGurcach í, dream eitneach ó Neipeal a bhí ag soláthar saighdiúirí d'arm coilíníoch na Sasanach i laethanta na hImpireachta Briotanaí.

Ní mór an Neipeailis a aithint thar an teanga Nepal Bhasa, nach bhfuil lúb ghaoil ar bith aici léi. Teanga thábhachtach í i Neipeal freisin.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads