Ann Radcliffe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Údar Sasanach ba ea Ann Radcliffe (9 Iúil 1764 – 7 Feabhra 1823) a bhí ina ceannródaí i réimse na n-úrscéalta gotacha. Scríobh sí faoin ainm cleite "Mrs. Radcliffe".


D'éirigh go han-mhaith léi. Shaothraigh sí na múrtha airgid as a cuid leabhar; fuair sí íocaíocht i bhfad ní b'airde ná an chuid ba mhó de na scríbhneoirí eile ag an am, cuma fir nó mná a bheith i gceist. Ach rinneadh dearmad áirithe ar a chuid úrscéalta ina dhiaidh sin.
Remove ads
Duine príobháideach ba ea í. Is beag atá ar eolas againn faoina saol inniu,[2] Ach scríobh sé "The Female Advocate" sa bhliain 1799.[1] Am réabhlóideach a bhí ann agus bhí sí an-tógtha leis an bhfeimineachas.
Tháinig fiabhras ar Radcliffe agus d’éag sí ar an 7ú lá Feabhra 1823 (58 mblian d’aois a bhí sí ag an am).

Scríobh Mrs. Radcliffe scéinséirí mistéire a bhí leagtha amach go cliste agus thug sí téamaí ceannairceacha isteach sna scéalta sin. Mhúscail sí spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr, rud a bhí neamhchoitianta ag an am agus in ainneoin na theagasc na gCríostaithe. Ach bhí míniú réasúnach ar na mistéirí sna scéalta sin i gcónaí. Nuair a bhí casadh aisteach sa scéal, bhí bunchúiseanna nádúrtha a mhíneodh an casadh céanna.
Chuaigh dea-iompar a cuid banlaochra i bhfeidhm ar na léirmheastóirí. Is i ngeall air seo gur tosaíodh ar glacadh leis an úrscéal gotach mar fhoirm inghlactha shóisialta.

Remove ads
Naisc
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads