Antioquia (Roinn)

From Wikipedia, the free encyclopedia

Antioquia (Roinn)
Remove ads

Ceann amháin de 32 Roinn (Spáinnis: Departamentos) de chuid na Cholóime is ea Antioquia[1], agus tá sí lonnaithe in iarthuaisceart na tíre. Bhí sí ar cheann de na naoi stát bunaidh i Stáit Aontaithe na Cholóime (Spáinnis:Estados Unidos de Colombia ). Is í Medellín a phríomhchathair, an dara chathair is mó de réir daonra [4] agus eacnamaíochta [2] sa tír. Tá teorainn aici ar an taobh ó thuaidh leis an Mhuir Chairib agus an Roinn Cordoba (Spáinnis: El departamento de Córdoba ), san iarthar leis an Roinn Chocó, san oirthear leis na ranna Bolívar, Santander agus Boyacá, agus ó dheas leis na ranna Caldas agus Risaralda.

Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...

Tá Antioquia ar cheann de na haonán críochach is sine sa Cholóim. Bunaíodh í sa bhliain 1576 faoin ainm Provincia de Antioquia ( Gaeilge: Cúige na hAntioquia) , a lean go dtí 1856 nuair a rinne Stát ceannasach aisti darbh ainm 'Estado Soberano de Antioquia' ( Gaeilge: Stát Ceannasach na hAntioquia). Ina dhiaidh sin rinneadh Roinn na hAntioquia aisti (1886). [3] Tá an roinn seo roinnte i 125 bardas, agus tá ceann acu siúd , (Turbo) ina Distrito Especial Portuario.(Gaeilge: Calafort Speisialta an Cheantair). [4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads