An Cholóim
Tír i Meiriceá Theas From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is tír i Meiriceá Theas í An Cholóim, le cóstaí ar an Aigéan Ciúin is ar an Aigéan Atlantach.
Tá teorainneacha aici le Veiniséala, leis an mBrasaíl, le Peiriú, le Eacuadór agus le Panama. Is í Bogotá an phríomhchathair. Tá 49 milliún duine ina gcónaí ann.
Remove ads
Stair
Bhí cogadh cathartha ar siúl sa Cholóim idir an eite dheis agus na reibiliúnaigh, ar a nglaoitear FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia nó Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime). Le breis is 50 bliain bhí FARC i mbun eachtraí foréigin sa tír agus d'fhág an chogaíocht ansin breis is 250,000 duine marbh[1].
Bhí an eite dheis ar thaobh an rialtais agus na reibiliúnaigh ar an eite chlé. Thacaigh rialtas SAM leis an eite dheis, i gcogadh i gcoinne na ndrugaí.
2002-2010
Nuair a toghadh Alvaro Uribe i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile[2]. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránachta a bhuaigh Uribe.
Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.
2010
I mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Toghadh Juan Manuel Santos ina uachtarán na Colóime don chéad uair ar 7 Lúnasa 2010. Bhí polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre ag an am sin, rud a thóg an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil.
2016
Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta sa bhliain 2016.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána na bliana 2016 ar Uachtarán na Colóime Juan Manuel Santos dá iarrachtaí siúd an tsíocháin a chothú.
2 D.F. 2016: Vótáil móramh de phobal na tíre in aghaidh an chomhaontaithe síochána a bhí socraithe idir rialtas na tíre sin agus reibiliúnaigh an FARC[3]. Móramh beag a bhí i gceist.
IRA
Bhí triúr Éireannach a bhfuil ceangal acu leis an IRA ciontaithe i gcúirt sa Cholóim as tacú leis an FARC. Thréig siad an tír. Tugtar Triúr na Colóime orthu in Éirinn.
Remove ads
Ranna
Tá an Cholóim roinnte i 32 Ranna agus Dúiche Príomhchathrach atá mar aon le roinn, cé go bhfuil Bogotá mar phríomhchathair roinne Cundinamarca.
Tá na Ranna roinnte ina dhiaidh sin i mbardais, agus ina dhiaidh sin i corregimientos in áiteanna faoin tuath, agus comunas i gceirtleáin uirbeach. Tá rialtas áitiúil ag gach roinn le gobharnóir agus tionól, a toghfar gach ceithre bliana. Tá méara agus comhairle ag gach bardas freisin agus toghcháin áitiúil don bhord riaracháin áitiúil i ngach corregimientos agus comunas.
Chomh maith leis an bpríomhchathair, tá stádas áirithe ag ceithre dúiche eile, de bharr gnéithe sainiúil áirithe; sé sin Barranquilla, Cartagena, Santa Marta agus Buenaventura.

Remove ads
Cathracha agus Bailte
Is tír uirbithe í an Cholóim; tá 77.1% den daonra sa bhliain 2018 ina chónaí i limistéar uirbithe. Is iad Bogotá (7,387,400), Medellín, (2,382,399) agus Cali, (2,172,527) na cathracha is mó agus is tábhachtach sa tír.[4]
Léitheoireacht bhreise
- Beaglaoich, Breanndán Ó (30 Eanáir 2024). "TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Cheapas gurb é Gairdín Pharthais a bhí sroichte agam!". Tuairisc.ie.
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads