Avicii
ceoltóir Sualannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Bhí Avicii (8 Meán Fómhair 1989 – 20 Aibreán 2018) ina cheoltóir cáiliúil[1]. Ba cheirneoir (nó DJ) é freisin. B’ainm stáitse é Avicii. Tim Berling an t-ainm eile a bhí air. Rugadh sa tSualainn é.
Remove ads
Gaeilge

Sa bhliain 2013, d’aistrigh múinteoirí agus daltaí Choláiste Lurgan cúpla amhrán mór le hAvicii go Gaeilge (mar shampla “Wake Me Up” agus “Hey Brother”).
Dúirt Avicii go raibh sé an-sásta leis an bhfíseán de “Wake Me Up”, a chuir TGLurgan suas ar YouTube. D’fhéach níos mó ná sé mhilliún duine ar an bhfíseán ar an idirlíon.
Bhí ceolchoirm ag Avicii i bPáirc Mharlaí sa bhliain 2015.
Féinmharú

Ó thaobh a shaol pearsanta de, bhíodh Avicii i gcónaí ag streachailt le fadhbanna éagsúla, gruaim agus mí-úsáid drugaí na cinn ba mheasa dóibh. Chuir Avicii lámh ina bhás féin sa bhliain 2018. Bhí sé ar cuairt in Óman agus ocht mbliana is fiche d’aois ag an am.
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads