Ayman al-Zawahiri
sceimhlitheoir Ioslamach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ceannaire na heagraíochta sceimhlitheoireachta al-Qaeda, ab ea Ayman al-Zawahiri (10 Meitheamh 1951 - 31 Iúil 2022). Bhí baint mhór aige le 9/11, na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe ar an 11 Meán Fómhair 2001 ar maraíodh beagnach 3,000 duine dá mbarr.[1] Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as na hionsaithe buamála ar ambasáidí na Stát Aontaithe sa Chéinia agus sa Tansáin i 1998 agus ar long Mheiriceánach in Éimin in 2000.
Remove ads
Máinlia de bhunadh na hÉigipte ab ea Ayman al-Zawahiri.
Bhí Zawahiri ar troigh gan tuairisc ó 2001. Bhí luach $25 milliún á thairiscint ag na Meiriceánaigh i ndíol ar fhaisnéis ina leith.[1]
Maraíodh bin Laden sa bhliain 2012. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2012-2022. Bhíothas riamh den tuairim go raibh sé ag cur faoi san Afganastáin nó sa Phacastáin. É sin ainneoin gur gheall an Talaban sa bhliain 2021 nach dtabharfaidís tearmann san Afganastáin do lucht al-Qaeda feasta choíche.

Remove ads
Ar 31 Iúil 2022, mharaigh na Meiriceánaigh Ayman al-Zawahiri, san Afganastáin (71 bliain d'aois ag an am). Scaoileadh dhá dhiúracán leis ó dhrón agus é ina sheasamh ar bhalcóin a árais chónaithe i bpríomhchathair na hAfganastáine Cabúl. Bhí daoine muinteartha le Zawahiri san áras cónaithe ag an am ach nár maraíodh ná nár leonadh aon duine acu mar gheall ar an ionsaí.[1]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads