Charles X na Fraince (1757-1836)

From Wikipedia, the free encyclopedia

Charles X na Fraince (1757-1836)
Remove ads

Ba é Charles X (9 Deireadh Fómhair 17576 Samhain 1836) Rí na Fraince agus Navarra ó 1824 anuas go dtí Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1830, nuair a d'éirigh sé as an gcoróin.

Thumb
"An cnóire", scigphictiúr sa bhliain 1904
Thumb
Séarlas ina ógfhear
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Remove ads

Saol

Nuair a cailleadh Louis XVIII sa bhliain 1824, ba é Charles X, deartháir leis (agus deartháir le Louis XVI), a tháinig i gcomharbacht air.

Tugtar Athghairm na mBúrbónach ar an tréimhse 1815-1830 i stair na Fraince. Mar réimeas bhí sí thar a bheith choimeádach.[1]

Nuair a tharla Réabhlóid Iúil sa bhliain 1830, baineadh an choróin de Charles, agus gaireadh gaol eile i bhfad amach uaidh, Louis Philippe, ina rí. Tháinig Louis Philippe I as Ríshliocht Orléans, i gcomharbas ar Charles X (i réim ó 1830 go dtí Réabhlóid na Bliana 1848).

Ba é Charles rí Búrbónach deireanach na Fraince. Bhí air imeacht ar deoraíocht, Sasana ar dtús, ansin Albain agus an Ostair. Fuair sé bás truamhéalach i nGörz ar 6 Samhain 1836 (cuid den Impireacht na hOstaire agus na hUngáire ag an am, inniu san Iodáil).

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads