ChatGPT
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is bota comhrá é ChatGPT, bunaithe ar GPT,[1] nó samhail teanga mhór. Baineann an uirlis úsáid as intleacht shaorga (IS) chun eolas a fháil, téacsanna a scríobh agus mar sin de.[2] Déanann an GPT anailís ar shonraí atá le fáil ar an gréasán domhanda agus áiteanna eile.[3]
Sheol an comhlacht OpenAI ChatGPT (bunaithe ar GPT 3.5) mar fhréamhshamhail ar an 30 Samhain 2022. Tharraing an uirlis aird go tapa as a chuid freagraí mionsonraithe agus sothuigthe thar go leor réimsí éagsúla.[4] I mí Eanáir 2023, cuireadh luach de $30 billiún ar OpenAI, agus $86 billiún i mí Dheireadh Fómhair 2023. D'éirigh OpenAI an gnólacht nuathionscanta is mó fás riamh i stair an domhain.[5][6]


Remove ads
Úsáid
Ar feadh na mblianta, chuir oibrithe an chomhlachta OpenAI téacsanna isteach ina Samhail Teanga Mhór, ó iliomad foinsí, agus thraenáil siad an uirlis chun an t-eolas sin a ransú d’fhonn ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna nua as an bpíosa a chruthú – rud a dhéanann an bota in iliomad teangacha agus in iliomad stíleanna.[2] Traenáladh GPT3.5 ar 175 billiún paraiméadar ach bhí 1.7 trilliún paraiméadar i gceist faoin am ar traenáladh GPT4 i 2024. Is le sonraí Béarla is mó a traenáladh ChatGPT, áfach. Is ar Common Crawl a traenáladh an chéad leagan de, a bhí ag brath ar Bhéarla (93%), Fraincis (2%), Gearmáinis (1.5%), Spáinnis (0.7%), Iodáilis (0.6%), eile (1.8%). Bhí an Ghaeilge luaite ag 0.001%.[3]
Is féidir ceisteanna a chur ar ChatGPT agus tabharfaidh sé freagraí cuibheasach maith, fiú ar cheisteanna gramadaí, srl as Gaeilge má tá na leideanna (na sonraí ionchuir) go maith (agus má tá ChatGPT Plus nó níos fearr agat). Is comhrá atá ann agus sin ceann de na gnéithe a bhaineann le ChatGPT, agus botaí eile dá leithéid (Claude d'Anthropic, Microsoft Copilot, srl).
Baineann ChatGPT úsáid as téacsanna nó eolas atá ar fáil cheana féin chun téacsanna nó freagraí a chruthú.[7] Déanann ChatGPT an taighde ar líne agus míneoidh sé duit é agus tabharfaidh sé an freagra duit, amhail is go bhfuil cara ag míniú rud éigin duit. Ar dtús, bhí an-bhéim ar an gcumas atá ag ChatGPT aistí a scríobh.[8][9]
Léirigh taighde a rinne an craoltóir ón Ísiltír NOS sa bhliain 2023 go bhfuil nós forleathan tar éis teacht chun cinn i measc aos óg na tíre sin iarraidh ar ChatGPT a gcuid obair bhaile a dhéanamh; aistí faoi na leabhair atá ar churaclaim na dteangacha éagsúla is mó a iarrtar ar an mbota a chur ar fáil, de réir cosúlachta.[10]
Microsoft Copilot
In 2025, is é GPT-5 an tsamhail, nó inneall, atá taobh thiar de Microsoft Copilot.[11] Is féidir an brabhsálaí Microsoft Edge a úsáid chun leas a bhaint as Copilot.[12] Is féidir GPT-5 a úsáid chomh maith trí Microsoft 365 Copilot, GitHub Copilot, agus Copilot Studio, srl saor in aisce.[13]
Remove ads
Traenáil


Baineann ChatGPT - agus uirlisí eile dá leithéid - úsáid as 'foghlaim faoi mhaoirseacht'[14] chomh maith le 'foghlaim treisithe'.[15][16] Bhain an dá chur chuige úsáid as oiliúnóirí daonna chun feidhmíocht na samhla a fheabhsú. I gcás na foghlama faoi mhaoirseacht, cuireadh comhráite ar fáil don tsamhail inar imir na hoiliúnóirí an dá thaobh: an t-úsáideoir agus an cúntóir AI.
Sa chéim atreisiúcháin, ar dtús, rangaigh na hoiliúnóirí daonna na freagraí a chruthaigh an tsamhail i gcomhrá roimhe seo. Úsáideadh na ranguithe seo chun 'samhlacha luaíochta' a chruthú, ionas go bhféadfaí an tsamhail a mhionchoigeartú tuilleadh, ag baint úsáide as roinnt atriallacha d'Optamú Beartais Neasaigh (Béarla: Proximal Policy Optimization) [17][18]
Tugann algartaim OBN tairbhe éifeachtach ó thaobh costais de, d'algartaim um optamú beartais réigiúin iontaoibhe; cuireann siad go leor de na hoibríochtaí ríomhchuidithe costasacha ar ceal, le feidhmíocht níos tapúla.[19] Cuireadh oiliúint ar na samhlacha i gcomhar le Microsoft ar a mbonneagar sár-ríomhaireachta Azure.
Ina theannta sin, bíonn OpenAI ag bailiú sonraí ó úsáideoirí ChatGPT, a d'fhéadfaí a úsáid chun tuilleadh oiliúna a dhéanamh ar ChatGPT agus chun é a mhionchoigeartú. Uaireanta tá cead ag úsáideoirí vóta a chaitheamh ar son nó in aghaidh na freagraí a fhaigheann siad ó ChatGPT; nuair a dhéantar vótáil ar son nó in aghaidh, is féidir leo réimse téacs a chomhlánú freisin chun aiseolas breise a sheoladh isteach.[20][21][22]
Remove ads
Rialú
Níl sé soiléir fós conas srian a chur le ChatGPT, más gá. Tá ceisteanna eiticiúla go leor le cur faoi ChatGPT agus a macasamhla.[2]
Ceann de na contúirtí is mó a bhainfidh lena leithéid seo de bhogearra ná gur féidir iad a úsáid chun teoiricí comhcheilge agus nuacht bhréige a chumadh agus a scaipeadh ar luas lasrach. Ceist eitice eile ná ceist chóipcheart na mbuntéacsanna a mbaineann ChatGPT úsáid astu d’fhonn téacsanna nua a chruthú. Agus ar chóir go mbeadh ar chumas comhlacht príobháideach, nó ar chumas dornán comhlachtaí príobháideacha, oiread tionchair a imirt ar an gcumarsáid dhaonna?[2]
Bhí cosc curtha ar ChatGPT san Iodáil i mí Aibreáin 2023 mar gur bhris sé an dlí a bhaineann le GDPR.[8] Chuir an Iodáil cosc scun scan ar úsáid ChatGPT sa tír sin toisc go mbeadh cearta cóipchirt á sárú ag an áis.[7]
Sa bhliain 2023, d’fhógair an iris iomráiteach fantaisíochta agus ficsean eolaíochta ó Mheiriceá Clarkesworld nach mbeadh siad ag glacadh le haon scéalta nua go ceann píosa, toisc go raibh an iomarca scéalta á gcur chuig an iris ar léir gur bota, seachas duine, a scríobh iad.[10]
Gaeilge
Tá leagan 5 de ChatGPT ábalta ceisteanna i nGaeilge a thuigbheáil. D’iarr Tuairisic.ie ar ChatGPT sa bhliain 2023 dán beag grinn a scríobh i nGaeilge.[23]
Aistriúchán
Is féidir leis plé le haistriúchán go pointe ach ní shin a phríomhchúraim. Tá an bhéim á leagan ar cheisteanna a thuiscint agus freagraí cruinne a thabhairt. Níl sé ag an bpointe sin go mbeadh sé ag dul in iomaíocht le Google Translate go fóill.[8]
Remove ads
Féach freisin
- Geoffrey Hinton
- Líonra néarach saorach
- Intleacht shaorga, Claude (Anthropic)
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads