Ciarán Cuffe

polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Ciarán Cuffe
Remove ads

Is iar-fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE nó MEP i mBéarla) é Ciarán Cuffe do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath (a rugadh ar an 3 Aibreán 1963). Bhí sé ina Teachta Dála (2002-2011) agus chomhairleoir cathrach (2014–2019) do Lár na Cathrach Thuaidh chomh maith. Ailtire é Cuffe atá gníomhach le fada i gcúrsaí comhshaoil agus sa ghluaiseacht ghlas.

Thumb
2006
Thumb
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

De bhunadh na Seanchille i ndeisceart an chontae é Ciarán Cuffe, ach tá cónaí air le scaitheamh i gceantar Bhóthar na gCloch i lár na cathrach.

Muintir

Chuaigh a athair, Luan Peter Cuffe, go hOllscoil Harvard i mBostún mar chuid dá chuid oiliúna mar ailtire.[1] Agus é ansin casadh air Patricia Sistine Skakel. Iníon ab ea ise le George Skakel, fear gnó ab ea a shaothraigh na milliúin nuair a bhunaigh sé an comhlacht Great Lakes Carbon Corporation. Phós Patrica Skakel agus Luan Cuffe agus d’fhill siad ar Éirinn.

Ba dheirfiúr í Patricia Skakel a bhásaigh sa mbliain 2000 le Ethel Skakel Kennedy. Is í Ethel Kennedy baintreach Bobby Kennedy, a feallmharaíodh i mí an Mheithimh 1968 agus é ag feachtasaíocht do thoghchán na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe.

Oideachas

Tá céimeanna aige san Ailtireacht agus sa Phleanáil Uirbeach aige ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus MSc in "pleanáil uirbeach" ó Chathracha ó Scoil Eacnamaíochta Londan.

Tá sé ina chathaoirleach ar Chlár Máistreachta in Athnuachan agus Forbairt Uirbeach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Remove ads

Polaitíocht

Bhí Cuffe ar dhuine de na Teachtaí Dála a toghadh do Chomhaontas Glas den chéad uair in 2002, i ndáilcheantar Dhún Laoghaire. Chuir sé isteach dhá théarma mar Theachta Dála agus bhí sé ina Aire Stáit a raibh freagracht air as an Athrú Aeráide, Pleanáil agus Iompar Inbhuanaithe.

Le linn dó bheith páirteach sa Rialtas, rinne sé athchóiriú ar chóras pleanála na hÉireann chun go mbeadh sé dírithe ar chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise agus d’fhoilsigh sé reachtaíocht le dul i ngleic leis an athrú aeráide.[2]

D’fhoilsigh sé Suirbhé ar Fhorbairt Náisiúnta Tithíochta in 2010.[3]

Conspóid

D’éirigh sé as mar urlabhraí comhshaoil an pháirtí sa bhliain 2003, nuair a tháinig sé chun solais go raibh luach $70,000 de scaireanna aige i gcomhlachtaí taiscéalaíochta ola. Fuair sé na scaireanna sin le huacht óna mháthair a d’fhág $1.3 milliún aige. Léirigh sé aiféala ag an am nach raibh éirithe leis na scaireanna a dhíol agus rinne sé amhlaidh ina dhiaidh sin.

Rinneadh scrios ar an bpáirtí san olltoghchán in 2011. Chaill Cuffe a shuíochán sa toghchán sin.

Thumb
Thumb

2010idí

Bhí Cuffe ina chathaoirleach ar Choiste Iompair Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá sé ag iarraidh go mbainfí úsáid as clófhoirne Gaelacha ar chomharthaíocht sráide na príomhchathrach.[4] Mhaígh sé gur beag difríocht atá ann idir Baile Átha Cliath agus cathracha Shasana ó thaobh comharthaíocht sráide de agus nach bhfuil rud ar bith faoi ainmchláir na príomhchathrach a thabharfadh le fios gur i gcroílár Bhaile Átha Cliath atá tú.

2020idí

Bhí Cuffe mar fheisire de Pharlaimint na hEorpa idir 2019-2024 do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath. Labhair sé sa Pharlaimint na hEorpa ar 26 Samhain 2019 agus dúirt sé "Ní foláir dúinn dul i ngleic leis an athrú aeráide".[5]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads