Colin Powell

polaiteoir agus saighdiúir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia

Colin Powell
Remove ads

Polaiteoir Meiriceánach ab ea an Ginearál Colin Luther Powell (5 Aibreán 1937 sa Bhronx - 18 Deireadh Fómhair 2021).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Cheap George H. W. Bush Powell mar ghinearál, i mbun FORSCOM, in Arm na Stát Aontaithe sa bhliain 1989.

Ó 20 Eanáir 2001, go dtí 23 Eanáir 2005, b'é Powell 65ú Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, i rialtas George W. Bush. B'é Powell an chéad pholaiteoir Afrai-Mheiriceánach sa phost seo.

Remove ads

Conspóid

Ba é Powell a thug an óráid maidir le 'hairm ollscriosúla' na hIaráice do na Náisiúin Aontaithe ar an 5 Feabhra 2003. Maidir le hábhar núicléach, ní bhfuarthas Ó thaobh airm a scaipfeadh galair mharfacha de, mhaígh Colin Powell os comhair cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go raibh 18 saotharlann ar rothaí ag Saddam Hussein chun na hairm seo a fhorbairt. Ní bhfuarthas oiread is ceann amháin díobh riamh.[1] Ní bhfuarthas ach an oiread aon diúracán fadraonach ar nós Scud. Bréaga ollmhóra agus tubaisteacha a bhí ann. B'shin óráid a mbeadh "aithreachas" air faoi ar ball.

Conspóid sna Náisiún Aontaithe

Tá taipéis a léiríonn macasamhail "Guernica" in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Cuireadh i bhfolach é nuair a bhí toscairí an Tí Bháin, le Colin Powell i mbun, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.

Spreag an eachtra seo míshásamh agus fearg i measc an phobail a bhí ag cur i gcoinne an chogaidh.[2] Dúirt taidhleoirí gur chuir rialtas SAM brú ar na Náisiúin Aontaithe an taipéis a chlúdach le linn óráidí na Meiriceánach.[3]

Níos déanaí

Thóg Condoleezza Rice an post nuair a d'éirigh Powell as. Fuair Powell bás den Covid ar 18 Deireadh Fómhair 2021.

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads