Conor McGregor

dornálaí agus trodaí MMA Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Conor McGregor
Remove ads

Is trodaí proifisiúnta Éireannach UFC, nó comhraiceoir ealaíon measctha, é Conor Anthony McGregorConchúr Antóin McGregor (a rugadh ar an 14 Iúil 1988). The Notorious an leasainm atá air. Ghlac sé páirt sna rannóga éadrom-mheáchain, cleitmheáchain agus i marcmheáchain le linn a ghairme agus bhuaigh sé criosanna curaidh éadrom-mheáchain agus cleitmheáchain.[1]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

In 2024, fuair giúiré san Ard Chúirt Conor McGregor ciontach i dtaca le cás sibhialta a bhí tugtha ag Nikita Hand ina choinne maidir le héigniú in óstán i mBaile Átha Cliath i 2018. Bronnadh luach €250k de dhamáistí ar NIkita Hand.[2]

Ó thaobh na polaitíochta, tá McGregor i bhfad amach ar an eite dheis, agus dearcadh frith-inimirce aige a chuireann corraí ar dhaoine go minic.[2]

Remove ads

Saol

Is as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath é ó dhúchas. is iad Tony agus Margaret McGregor a thuismitheoirí.[3] Erin agus Aoife na hainmneacha atá ag a bheirt deirfiúracha.

Bhog a theaghlach go Leamhcán nuair a bhí sé ina dhéagóirí. D’fhreastail sé ar Ghaelscoil Choláiste de hÍde, Tamhlacht,[4] agus ar Ghaelcholáiste Chois Life i Leamhcán ina dhiaidh sin[5]. Fuair sé a chuid oideachais ar an iomlán trí Ghaeilge.

Bhí cúrsaí spórt gar dá chroí ó aois óg. Thosaigh sé ag dornálaíocht ag dhá bhliain déag d’aois le ‘Crumlin Boxing Club’[6] go dtí seacht mbliana déag d’aois. Bhí suim aige í gcúrsaí peile freisin agus thosaigh sé ag imirt do ‘Lourdes Celtic Football Club’ go luath tar éis a tosú sé ag dornálaíocht[7]. Bhí sé ina dhéagóirí déanacha nuair a thosaigh sé ag traenáil sa spórt ealaíona comhraic measctha [8].

Sa bhliain 2008, bheartaigh a chuid tuismitheoirí chun bogadh go Leamhcán, ba mhór an rud é seo a Conchúr díreach cosúil le haon déagóir eile. É sin ráite, cheap sé go raibh sé ar cheann de na rudaí ab fhearr dó [9]. Thosaigh sé ag traenáil i 'Straight Blast Gym' , John Kavanagh an t-ainm don chóitseálaí.

Bhí imní ag a thuismitheoirí nach raibh aon rud beartaithe aige nuair a d’fhág sé an scoil. Fuair sé oiliúint mar phluiméir printíseach agus chaith sé bliain amháin ann [10].

Thumb
2018: Éigníodh Nikita Hand in Óstán an Beacon, BAC
Thumb
17 Márta 2025: An tAire Cosanta Pete Hegseth (ar chlé) agus Conor McGregor sa Pheinteagán
Thumb
17 Márta 2025: Caipín sínithe ag McGregor sa Pheinteagán
Thumb
17 Márta 2025: McGregor, a fiancée Dee Devlin, a chlann agus a chara Trump san Oifig Ubhchruthach
Remove ads

Conspóidí

Éigniú

Mhaígh Nikita Hand, (bean as BÁC agus timpeall 28 bliain d'aois ag an am) gur éignigh Conor McGregor agus a chara, James Lawrence, í in Óstán an Beacon i mBaile Átha Cliath ar an 9 Nollaig 2018.[11] Mhaígh na fir gur ghnéas chomhthoiliúil a bhí acu le Hand.

Sa bhliain 2024, dúirt Hand gur ghoill sé go mór uirthi nuair a chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan an dlí a chur ar McGregor a raibh sé curtha ina leith aici gur éignigh sé í. [12]

Ar an 2 Samhain 2024, san Ard-Chúirt in Éirinn, d'éirigh le Nikita Hand sa chás sibhialta a thug sí in aghaidh McGregor. Shéan McGregor agus a chara James Lawrence na liamháin ghnéis ina n-aghaidh agus mhaígh gur ghnéas chomhthoiliúil a bhí acu le Nikita Hand.

Chonaic an giúiré físeáin roinnt uaireanta i rith na trialach, a thaispeáin Hand, McGregor agus a gcairde Danielle Kealy agus James Lawrence i gcarrchlós Óstán an Beacon agus san ardaitheoir ag amanna difriúla ar an 9 Nollaig 2018.[13]

Ba é breithiúnas an ghiúiré gur éignigh Conor McGregor í agus nár éignigh James Lawrence í.[13] Cheadaigh an giúiré damáistí luach beagnach €250,000 do Hand (ní ciontú coiriúil é).[14]

Polaitíocht

Ar an 17 Márta 2025, bhí McGregor mar aoi speisialta sa Teach Bán i Washington DC. Chas McGregor le Trump agus thug McGregor óráid uaidh sa Teach Bán. Dúirt McGregor go raibh sé "thar am go dtuigfeadh muintir Mheiriceá an 'drochbhail' atá ar Éirinn", scriosta ag 'polasaithe inimirce agus tearmainn an Rialtais'. Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin níos déanaí go raibh an ráiteas ó McGregor mícheart, nach raibh sé ag teacht le spiorad an lae agus nárbh iad tuairimí fhormhór mhuintir na hÉireann a bhí a léiriú aige.[2]

Uachtaránacht

I mí Mheán Fómhair 2025, chuir McGregor físeán amach agus é lasmuigh Tithe an Rialtais, ag impí ar dhaoine dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí contae chun tacú leis mar iarrthóir i dToghchán Uachtaránachta na hÉireann 2025. I bhfíseán dhá nóiméad go leith, luaigh sé Forógra na Saoirse agus rinne sé comhartha na Croise ag an deireadh.[15]

Remove ads

Troideanna

2007

I mí Feabhra 2007 bhuaigh McGregor troid (amaitéarach ag an am) i gcoinne Ciaran Campbell.[10]

2008

Thosaigh McGregor ag traenáil i 'Straight Blast Gym' (SBG) i mBÁC le John Kavanagh [16]. Throid sé in aghaigh ‘The Dumptruck” Morris. Bhí McGregor seacht mbliana déag d’aois ag an am agus Morris ocht mbliana déag d’aois. Bhuaigh McGregor sa dara babhta (bua TKO).[17] I mí an Mheithimh throid sé i gcoinne Sitenkov; buaileadh go dona é. Is léir go raibh tionchar mhór ag an lá seo ar McGregor, ní raibh sé le feiceáil sa SBG ar feadh seachtainí. Bhí imní ag a mháthair Margaret ; cheap sí nach raibh Conchúr sásta nuair nach raibh sé ag traenáil. Ghlaoigh sí ar Kavanagh chun cabhair a fháil agus tar éis cúpla mí tháinig McGregor ar áis go dtí an fháinne[9]. Stephen Bailey an t-ainm a bhí ar a chéad chéile comhraic eile agus an uair seo bhí bua iontach ag McGregor.[10]

2010

I mí na Samhna, ghlac McGregor páirt ina chéad troid ar son 'Cage Warriors. [18] Bhí sé in aghaidh cheann de na trodaithe is fearr MMA san Eoraip 'Joe Duffy' agus níor éirigh leis [10].

2011

Fuair McGregor bua in aghaidh Hugh Brady, fear as tuaisceart na hÉireann. Mí ina dhiaidh sin ní raibh McGregor ach ceithre shoicind sa troid gur bhuaigh sé i gcoinne Mike Wood.[10] Ag lá an 11ú Meitheamh, bhuail sé fear as an Pholainn, Artur Sowinski agus níos déanaí, Aaron Jahnsen[19].

2012

Throid McGregor í gcoinne Steve O'Keefe.[19] D’athraigh sé ó mheáchan éadrom go meáchan cleite; fuair sé bua i mbabhta a haon, nóiméad amháin tríocha trí soicind.[20] Shocraigh sé ansin dul ar ais go mheáchan éadrom chun dul i ngleic le Ivan Buchinger. Bua KO a bhí ann i mbabhta a haon tar éis trí nóiméad daichead soicind do McGregor.[21]

2013

Sa bhliain seo rinne McGregor a chéad chuma UFC. Ar an 6ú Aibreán leag sé amach an fear Meiriceánach, Marcus Brimage tar éis seasca seacht soicind i mbabhta a haon.[22][23] Fuair sé bónas $60,000 dom KO.[24] I mí Lúnasa, bhuail sé Max Holloway;[25] troid fhada ab ea é Gortaíodh an bheirt fhear le linn an troid.[26] Stróic McGregor a bhallnasc croiseach tosaigh le linn na troda. Stop sé ag troid ar feadh beagnach bliain.[22]

Thumb
giomnáisiam de chuid McGregor, 2017[27]
Thumb
UFC 189 Aldo vs. McGregor 2015

2014

Tháinig McGregor ar ais i mí Iúil ina áit dúchais, Baile Átha Cliath[28] i gcoinne Cole Miller ach tharraing Miller amach "toisc gur "ghortaigh sé a lámh". Cuireadh Diego Brandao ina áit agus bhí bua KO eile ag McGregor arís sa chéad babhta.[29]. Fuair sé bónas ‘feidhmíocht na hoíche’ ón UFC ($ 50,000). Ní raibh sé ach trí lá ina dhiaidh sin gur fógraíodh troid eile. Is fíor a rá ón lá seo go dtí la an troid is iomaí na focail a ritheadh idir an bheirt [24]. Arís TKO eile, taobh istigh den chéad dá nóiméad. Thosaigh McGregor ar thús láidir agus ní raibh seans ar bith ag Dustin Poirier ón dtús [30].

Thumb
McGregor agus Vladimir Putin, FIFA 2018
Thumb
McGregor i Moscó, 2019

2015

Eagraíodh troid ansin i gcoinne Dennis Siver[31]. Is ráite gur dheimhnigh Uachtarán UFC Dana White go n-áiritheoidh bua thar Silver iarracht ina choinne curadh meáchain cleite UFC, Jose Aldo. Ainneoin a chuid cainteanna ba bhua an dara babhta é i gcoinne Siver. Tamall beag ina dhiaidh sin eagraíodh troid a raibh gach duine ag súil go mhór leis, Jose Aldo. Bhí sé beartaithe a bheith i Las Vegas ar 11 Iúil [24]. Bhí sé ag Aldo chun éirí as an gcomhrac geallta mar gheall ar gortú a phioc sé suas[22]. Ba é Mendez an t-athsholáthar, bhí sé crua ach bhí McGregor níos fearr[32]. Tar éis an chéad crua babhta d'éirigh McGregor le bua TKO sa dara babhta[22]. Ba é a bhealach isteach a chuir iontas ar shlua na hÉireann, ná Sinead O'Connor ag canadh an 'The foggy dew'[33].

Ní bréag ar bith a rá nach raibh McGregor ag fanacht tamall fada don troid le Aldo. Bhí sé eagraithe bheadh sé ar siúl an dara lá déag de Nollaig an bhliain sin[34]. D'úsáid McGregor cumhacht a ghutha agus a fhocail chun iarracht a chuid is fearr chun Aldo imeaglú[35]. Ba chosúil go n-oibreodh sé trí soicind déag a thóg sé chun bua a fháil do McGregor, ba é an teideal domhanda ufc is gasta é. Ghlac sé teideal WEC agus UFC ar feadh bliana Aldo agus ghnóthaigh sé an bónas "Feidhmíocht na hOíche" freisin[36]. Trí cinn de na troideanna is mó in aon bhliain amháin, bronnadh teideal tuillte go maith Trodaire na Bliana MMAFighting.com ar Conchúr McGregor[36].

2016

Tar éis an bua i gcoinne Aldo, ba mhaith le McGregor chun bogadh go meáchan éadrom. An chúis le seo na theastaigh uaidh a bheith ina churadh dé-mheáchain. Bhí troid eagraithe i gcoinne Rafael doe Anjos dem 5ú Márta ach ag an 23ú Feabhra b’éigean dó seasamh síos toisc gur mar bhris sé a chos[37]. Chinn Nate Diaz tabhairt faoi McGregor. Bhí sé trí lá dhéag roimh an troid agus mar gheall ar sin socraíodh meáchan welter den bheirt. Sin an lá a tháinig an chéad caillteanas den UFC. Bhí McGregor láidir sa chéad babhta ach nuair a chuir Diaz 'choke hold' ag McGregor den dara babhta níl aon rogha aige ach tapáil amach. É sin ráite fuair McGregor díoltas air i Lúnasa. Bhuaigh sé sa chúigiú babhta i gcoinne Diaz[38]. Bhí an crios éadrom fós in intinn McGregor chuir sé a chuid aislingí i gcrích ar an 27ú Meán Fómhair. Eddie Alvarez an t-ainm den fear ina bhfuil sé i gcoinne agus fuair McGregor KO sa dara babhta[39]. Rinne sé stair an lá seo, an chéad fear sa UFC ina bhfuil an t-ór sa rannán meáchan cleite agus éadrom ag an an cheanna [40]. Dhá seachtain ina dhiaidh sin bhí sé in ann a theideal meáchan cleite a thabhairt suas[41]. Bhuaigh Jose Aldo an teidil.

2017

Gairme gairmiúil dornálaíochta

Socraigh McGregor sos a ghlacadh ar feadh cúpla mí mar ba é an t-am a rugadh a chéad leanbh, Conor Jack McGregor [42]. Sa mhí Mheithimh, áfach socraigh sé rud difriúil a dhéanamh. Bhí troid dornálaíocht beartaithe i gcoinne Floyd Mayweather. Bhí bhí sé ar tí scoir, daichead bliain d’aois an bhliain seo [43]. An chéad uair ina bhfuil McGregor ag déanamh gairmiúil dornálaíochta i gcoinne an dornálaí is fearr sa domhan. Cé gur bhuaigh Mayweather bua KO i mbabhta a deich, bhí an chuid is mo den cainte ann faoi taispeántas McGregor. Chuir McGregor troid iontach ar bun agus bhí sé ina iomaitheoir diana do Mayweather i Las Vegas[44].

2018

Bhí an crios éadrom tógtha ó McGregor toisc nach raibh sé san iomaíocht san éadrom seo ar feadh beagnach dhá bhliain. Cé go bhfuil troid eagraithe i gcoinne Khabib ag deireadh an bhliain[45]. Is léir nach raibh McGregor sásta leis an gcinneadh seo, chuir sé post ar Twitter ar an 5ú lá de Aibreán ag míniú a ag míniú a frustrachais agus a díomá [46]. Bhí ag McGregor tapáil amach sa cheathrú babhta[47], ach tar éis an throid seo i gcoinne Khabib bhris troid amach le baill den dá fhoireann[48]. Rud nach bhfaca UFC riamh.

2019

D’fhógair an trodaire tríocha bliain d’aois go bhfuil sé ag scor ó MMA cúig mhí ina dhiaidh an troid le Khabib.Ag an am seo bhí taifead MMA aige de fiche bua agus ceithre bhuille[49]. É sin ráite, cheap a lán daoine go bhfillfeadh sé ar ais.

2020

Ainneoin a scoir rinne McGregor teacht eile ar ais. An chéad chuma ó 2016 i gcoinne Donald Cerrone[50]. Ní raibh sé ach daichead soicind a maireann an troid. Tá stair déanta arís ag McGregor. Is é chéad trodaí a bhuaigh KO ag meáchan cleite, ag meáchan éadrom agus anois meáchan welter[51].

2021

Ní bheidh sé a thabhairt suas. Cé gur fhógair sé scor den dara huair tar éis an troid i 2020. Sa bhliain seo, 2021 bhí ag McGregor a athimirt le Dustin Porier. Is ráite gur bhuaigh McGregor an chéad bhabhta ar chártaí scór na mbreithiúna go léir. Is den dara babhta fuair McGregor sé cos marbh agus ba é an am a d’éirigh leis an Porier agus bhuaigh sé den KO [52][53].

Remove ads

Fiontair ghnó

Sheol McGregor fuisce nua Éireannach sa bhliain 2018. 'Proper no 12' an t-ainm atá air ("12" as an cód poist Baile Átha Cliath a Dó Dhéag (Cromghlinn).[54][55][55][56] Cheannaigh Proximo Spirits leas sa ghnó, "Eire Born Spirits" agus an branda Proper Number 12 in 2021 do $600 milliún.[57]

Pearsanta

Tá McGregor  i gcaidreamh le Dee Devlin le fada, ó 2008 ar a laghad. D'fhógair siad í Lúnasa 2020 go raibh siad geallta. Tá ceathrar clainne orthu.[58] Ar an 6 Bealtaine 2017 rugadh Conor Jack McGregor..[42] Rugadh Croia sa bhliain 2019.[59]

Is Caitliceach é Conor McGregor.

Tá tacaíocht ag Conor do chlub peile aontaithe Manchester United ó bhí sé óg. Chuir sé tacaíocht in iúl freisin do Celtic F.C, agus Paris Saint-Germain mar tá sé an-mhór le Sergio Ramos.

Deir McGregor "Is í an aclaíocht an fhoirm is fearr den leigheas".[60]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads