Contae Ros Comáin

contae in Éirinn From Wikipedia, the free encyclopedia

Contae Ros Comáin
Remove ads

I gCúige Chonnacht atá Contae Ros Comáin[1] (Fuaimniú), agus é ainmnithe as Comán, a thóg mainistir san áit ina bhfuil baile Ros Comáin anois. Bhí na daoine go hainnis ann le linn an Drochshaoil (1845-1848), rud a léirítear i Músaem an Ghorta i dTeach Bhéal na mBuillí.[2]

Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair ...

Is é an t-aon chontae amháin i gCúige Chonnacht é nach bhfuil béal na farraige isteach ann. Is díol spéise é Baile Átha Luain, áit atá suite ar bhruach na Sionainne, sa mhéid go bhfuil sé le fáil i lár baill na tíre, agus é i gContae Ros Comáin agus i gContae na hIarmhí araon. Tá an contae ag críochantacht le Contae na Gaillimhe, le Contae Mhaigh Eo, le Contae Shligigh agus le Contae Liatroma i gCúige Connacht, agus (lastall den tSionainn) le Contae Uíbh Fhailí, le Contae Iarmhí agus le Contae Longfoirt i gCúige Laighean.

Tá baint ag an gcontae leis na scéalta is sine in Éirinn: níl aon sráidbhaile is gaire do Ráth Cruacháin, baile na Bainríona Méibhe agus ríthe Chonnacht, ná Tuilsce. Tá cuid den dúlra is ársa sa tír le fáil ar an dá oileán is tríocha i Loch Cé i Ros Comáin Thuaidh.

Sa chontae seo a rugadh Dubhghlas de hÍde (1860-1949), bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus an chéad Uachtarán ar Éirinn. Is beag Gaeilge a bhí á labhairt ann agus é ag fás suas ann, agus bhí air dul á lorg. Fear eile de chuid an chontae a thuill clú ba ea Percy French, cumadóir cáiliúil amhrán.

Remove ads

Bailte agus sráidbhailte

Thumb
Loch Cé
Remove ads

Barúntachtaí

Tíreolaíocht

Cultúr

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads