Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil

From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

Is é Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann sa Pheil an chraobh is tábhachtaípheil Ghaelach. Eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael an chraobh seo gach bliain. Glacann foireann ó gach contae in Éirinn (ach amháin Contae Chill Chainnigh) páirt sa chraobh, chomh maith le foirne ó Londain agus ó Nua-Eabhrac.

Fíricí Gasta Cineál, Spórt ...
Remove ads

Formáid

Imrítear craobh i ngach cúige in Éirinn (glacann Londain agus Nua-Eabhrac páirt i gCúige Chonnacht). Roimh 2001, chuaigh na buaiteoirí sna craobhacha seo díreach ar aghaidh go cluichí leathcheannais na hÉireann. Anois ní mór dóibh imirt i gcluichí ceathrú ceannais. Bíonn ar na foirne a chailleann cluiche i gcraobh na gcúigí cluichí a imirt eatarthu féin agus go dtí go bhfuil ceithre fhoireann fágtha le dul ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais, áit a imríonn siad in aghaidh na foirne a bhuaigh craobhacha na gcúigí. Leanann Craobh na hÉireann ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais.

Bíonn an cluiche ceannais ar siúl ar an Domhnach deireanach i mí Mheán Fómhair. Imríonn an dá fhoireann i gcoinne a chéile i bPáirc an Chrócaigh, agus is é seo an cluiche is tábhachtaí agus an duais is mó sa spórt. Bíonn Uachtarán na hÉireann, an Taoiseach agus daoine tábhachtacha eile ag freastal ar na himeachtaí freisin. Bronntar Corn Sam Mhic Uidhir ar an bhfoireann a bhuann cluiche ceannais na hÉireann. Tá níos mó craobhacha buaite ag foireann na RíochtaContae Chiarraí ná foireann ar bith eile.

Remove ads

Cluichí ceannais

Tuilleadh eolais Bliain, Buaiteoir ...
Remove ads

Buaiteoirí

Tuilleadh eolais Foireann, Líon ...

Nóta: Ní raibh craobh na hÉireann ar siúl i 1888 de bharr turas i Meiriceá.

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads