Dealbhaodh

From Wikipedia, the free encyclopedia

Remove ads

I miotaseolaíocht na nGael, ba rí é DelbáethDelbáed[1][2][3] Ba é AonghasOghma na dTuath Dé Danann a athair, agus ba í Eithne na bhFomhórach a mháthair. Tháinig sé i gcomharbacht ar a gharmhac Eochaid Ollathair (Daghda) mar Ard-Rí na hÉireann. Bhí sé i gceannas ar na Tuatha Dé Danann agus Fomhóraigh aontaithe ar feadh deich mbliana, sular mharaigh a mhac Fiacha é.

Fíricí Gasta Cineál, Dáta ...
Remove ads

Clann

Bhí triúr iníonacha ag Dealbaodh lena bhean chéile Earnmas, agus iad ná an triúr bandéithe eapainmneacha Ghaelacha Ériu, Banbha agus Fódhla.

De réir cuid de Lebor Gabála Érenn, bhí triúr mac ag Delbáeth, agus iad ná Brian, Iuchar agus Iucharba. Deirtear chomh maith go raibh Tuirill Biccreo mar ainm aige.[4]

Mhaígh an dream ársa darbh ainm Delbna gurbh iad a mhuintir iad.

Comhainmneacha agus leaganacha eile

Is amhlaidh go bhfuil Delbáeth ar chomhphearsa le dia na toirní, Tuireann, os rud é go n-aithnítear é mar Tuirill Biccreo, athair Bhriain, Iuchair, agus Iucharba.[4]

Tugadh an t-ainm Delbéath do Lugaid mac Tail, tar éis dó tine draíochta a lasadh, a tháinig cúig tsruthán aisti.[5]

Sa mhír chéanna de Leabhar Gabhála na hÉireann, aithnítear Delbáeth eile Delbáeth Mac Neit mar shin-sean-athair Tuirill Biccreo.[4]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads