Eamonn Casey

easpag Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Eamonn Casey
Remove ads

Iar-Easpag Chiarraí agus na Gaillimhe ba ea Eamonn Casey (24 Aibreán 192713 Márta 2017).[1][2][3] Bhí Casey ar dhuine den chléir na hEaglaise Caitlicí ba mhó aithne in Éirinn fiú sular tharraing scannal gnéis conspóid air.[4]

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Beatha

Ba as Na Foidhrí i gcontae Chiarraí Casey, a rugadh ar 24 Aibreán 1927. Rinneadh sagart de sa bhliain 1951. Chuir sé tús lena shaol sa chléir mar shagart i Luimneach.

Bhog sé go dtí Slough, Berkshire in 1960. Bhí Casey an-ghrinn i gcúrsaí gnó. I Sasana, bhunaigh sé an Catholic Housing Aid Society (CHAS) in Westminster and Shelter, nó the Shelter Housing Aid Society (SHAC).[5] Bhí ról aige sa scannán Cathy Come Home de chuid Ken Loach.

Thuill sé dea-cháil de bharr a chuid oibre le himircigh na hÉireann i Sasana agus bhunaigh sé cumann tithíochta chun tithíocht níos fearr a chur ar fáil do theaghlaigh de bhunadh na tíre. Níos déanaí, ba é an chéad chathaoirleach ar an eagraíocht carthanachta Trócaire.

Ceapadh ina Easpag ar Chiarraí é i 1969. Bhí Casey i dtimpiste bóthair ann.[2]

Ceapadh ina Easpag ar Ghaillimh sa bhliain 1976.

Mar Easpag na Gaillimhe, bhí dlúthbhaint ag Casey le cuairt an Phápa Eoin Pól II ar ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh i 1979. Bhí an tEaspag Casey féin agus a dhlúthchara, an tAthair Michael Cleary, lárnach in imeachtaí an lae.

Na meáin

Fear cuideachtúil cainteach ba ea Casey, a bhí lán d’aer an tsaoil agus a chuir a chuid tuairimí in iúl go neamhbhalbh, ar an teilifís srl go minic.

B’fhacthas do dhaoine gur leoithne úr ó thaobh meoin agus cur chuige a bhí ann i bhfianaise choimeádachas plúchtach an chliarlathais sna caogaidí agus sna seascaidí, cé gur chloígh sé go docht le teagasc údaráis na hEaglaise maidir le mórán ceisteanna sóisialta agus morálta.[1]

Thumb
St. Pauls, Haywards Heath

Scannail

Ba é an fhimíneacht ina steillbheatha é. Chuir na 'botúin' a rinne Casey ina shaol pearsanta isteach[6] go mór - ar phobal na h-eaglaise in Éirinn.[7]

Baineadh stangadh as pobal na hÉireann i 1992 nuair a tháinig sé chun solais sna meáin go raibh caidreamh gnéis ag Casey le Meiriceánach mná, Annie Murphy, agus gur saolaíodh mac dóibh, Peter.[8] Mhaígh Annie Murphy gur chuir an tEaspag brú uirthi an páiste a chur ar uchtú. Scríobh sí leabhar faoina gcaidreamh, Forbidden Fruit.

Tháinig sé chun solais chomh maith go raibh íocaíochtaí á ndéanamh ag an Easpag le máthair a mhic as airgead na hEaglaise. D’éirigh Casey as a chúram agus chuaigh sé ag obair ar na misin in Eacuadór, agus níos déanaí, san eaglais St. Pauls, Haywards Heath, Sussex thart ó 1997/1998 go dtí 2006.

Ghníomhaigh an Vatacáin go foirmeálta i gcoinne Eamonn Casey i 2007 nuair a dhiúltaigh siad dó aon chúram bainteach le ministreacht phoiblí a ghlacadh air féin. Ansin d’fhill Casey ar Éirinn.

D’fhág an chonspóid a lorg ar shochaí na hÉireann agus luaitear go minic scannal an Easpaig le creimeadh chumhacht na hEaglaise Caitlicí in Éirinn.

Thumb
2025: Adhlacadh Casey in uaimh faoi thalamh Ard-Eaglais na Gaillimhe

Bás

D’fhill Casey ar Éirinn agus é amach sna blianta. Bhí cónaí air ar feadh roinnt blianta i Seaneaglais in aice leis an nGort Inse Guaire i ndeisceart na Gaillimhe.

Chuaigh sé ansin chun cónaithe in ionad altranais i gCora Chaitlín i gContae an Chláir in 2011 agus ba ann a bhásaigh sé. D'éag in aois an cheithre scór agus naoi mbliana ar 13 Márta 2017.

D'fhreastail breis is 1,000 duine ar Aifreann Éagnairce Eamonn Casey in Ard Eaglais na Gaillimhe ar 17 Márta 2017. Dúirt an tEaspag Kelly ag an am gur cuimhin le go leor an cineáltas agus an spreagadh a thug Eamonn Casey in am an ghátair.[7]

Remove ads

Scannal nua agus náire amach is amach

Sa bhliain 2024 tháinig líomhaintí chun solais ó neacht de chuid Eamonn Casey. Dúirt Patricia O'Donovan in agallamh le RTÉ gur éignigh an t-iar easpag í den chéad uair in aois a 5 bliana agus gur lean an mhí-úsáid ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.[9] Bhí sé seo uilig mar chuid de chlár a rinne an craoltóir i dtaca leis an mbealach ar dhéileáil an Eaglais Chaitliceach le líomhaintí faoi choireanna gnéis i gcoinne an Dochtúra Casey.[10]

Adhlacadh Casey in uaimh faoi thalamh Ard-Eaglais na Gaillimhe, rud a chuir taom feirge ar chuid mhaith daoine i bhfianaise na líomhaintí a tháinig chun solais in 2024. I mí Iúil 2025, bhí taisí Casey tógtha amach as Ard-Eaglais na Gaillimhe agus cuireadh iad i seilbh a mhuintire.[10]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads