Feachtas Gallipoli

From Wikipedia, the free encyclopedia

Feachtas Gallipoli
Remove ads

Bhí Feachtas Gallipoli ar na cathanna ba mhó agus ab fhíochmhaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. D'ionsaigh fórsaí na Breataine, na Fraince agus fórsaí nuachruthaithe na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (ANZAC), srl. an Impireacht Ottoman ag leithinis Gallipoli san Dardainéil.[1] Lean an cogáoicht ó 25 Aibreán 1915 go 9 Eanáir 1916.

Thumb
Mustafa Kemal ag Gallipoli lena chuid saighdiúirí, 1915

Ar deireadh, tar éis 8 mí de chogaíocht, cuireadh an ruaig ar fhórsaí na gComhghuaillithe. Bhí an-chuid taismeach ar an dá thaobh agus fuair thart ar leathmhilliún bás.[2]

Thumb
Atatürk, agus Cheannasaí an Airm (1918).
Remove ads

Cúlra

Ar 19 Feabhra 1915 d'ionsaigh fórsaí na Ríochta Aontaithe Caolas na Dardainéile, agus iad ag iarraidh Iostanbúl a bhaint amach trí Leithinis Gallipoli. Theip ar longa na Breataine briseadh tríd an gcaolas. Chinn na Briotanaigh mar sin ar thrúpaí a chur i dtír.

Bhí dhá mhóraidhm straitéiseacha leis an bhfeachtas san Dardainéilː[3]

  • An chéad aidhm ná an Impireacht Otamánach a chur ó mhaith trí Chathair Chonstaintín nó Iostánbúl a ghabháil, agus iachall a chur ar na Gearmánaigh saighdiúirí agus ábhar cogaidh a bhogadh ón bhFrainc go dtí an fronta nua.
  • An dara haidhm ná bealach a oscailt isteach go dtí Impireacht na Rúise chun go bhféadfaí ábhar cogaidh agus eile a sheoladh ina treo agus faoiseamh a thabhairt di. Bhí Impireacht na Rúise iata isteach ag cabhlach an Kaiser i Muir Bhailt agus ag na hOtamánaigh sa Mhuir Dhubh.
Thumb
Fiúsailéirí Ríoga na hÉireann in Gallipoli
Remove ads

Cogaíocht

Bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli agus Mustafa Kemal Atatürk i lár an aonaigh dá bharr. Nuair a tháinig fórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainnee (ANZAC - "Australian and New Zealand Army Corps") i dtír ar 25 Aibreán 1915 san áit a bhfuil "ANZAC Cove" uirthi inniu, bhí fórsaí na Tuirce rompu, le Kemal Atatürk i mbun. Bhí na "Anzacs" faoi léigear.


Spreag Mustafa Kemal a chuid saighdiúirí leis na focail seo:

Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Ag fáil bháis dúinn tabharfaimid deis do shaighdiúirí agus do cheannasaithe eile teacht sa bhearna bhaoil.

Le teacht na hoíche bhí dhá mhíle Anzac marbh agus iad ag iarraidh teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. Bhí siad sáinnithe ar an trá go ceann dhá sheachtain eile agus maraíodh duine as gach triúr.

I ndeireadh na dála, teip a bhí i bhfeachtas an Entente in Gallipoli in aghaidh Impireacht na Tuirce. i ndiaidh deich mí troda, thug siad a gcuid saighdiúirí leo ón Leithinis. Tháinig an feachtas chun críche ar an 9 Eanáir 1916, nuair d'fhág na fórsaí deiridh an leithinis. Gallipoli. B'é an cúlú an chuid ba éifeachtaí den bhfeachtas airm a thosaigh ar an 25ú Aibreán 1915.[3]

Thumb
1ú Chathlán Astrálach ag Steeles Post ar chósta Gallipoli, 3 Bealtaine 1915
Remove ads

Saighdiúirí Éireannacha

Bhí

  • Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath,
  • Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan,
  • Fiúsailéirí Ríoga Inniskilling agus
  • an 10ú Rannán (Éireannach)

i measc na n-aonad de chuid Arm na Breataine a throid ag Gallipoli.

Cé nárbh Éireannaigh iad na saighdiúirí go léir sna haonaid sin, meastar go raibh ar a laghad 3,500 fear ó gach cearn d'oileán na hÉireann ina measc siúd a maraíodh agus gur baineadh gortú do roinnt mílte Éireannach eile le linn an fheachtais.[4]

Thumb
Ar dheis, na séiplínigh O'Connor agus Crozier, Royal Irish Rifles.

Tháinig cuid mhaith Éireannach den chéad ghlúin i dtír i Gallipoli mar bhaill de d'fhórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne agus bhásaigh siad ann.

Ag an reilig ag V-Beach (Cape Helle),cuireadh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a maraíodh agus iad ag teacht i dtír.[5]

Thumb
dul i dtír in Gallipoli (ANZAC, 1915)

Anailís

Bhí an coinceap stráitéise slán, ach bhí an cur i bhfeidhm lag.[3]

Dúirt Michael D. Higgins sa bhliain 2015, "Ba cheart dúinn a admháil gur ordaíodh do na fir sin bás agus fulaingt a imirt, agus iad mar chuid d’fhórsa ionsaitheach míchinniúnach a cruthaíodh gan mhachnamh ceart: thit saighdiúirí na Tuirce ina mílte agus iad ag cosaint a dtíre dúchais, agus cailleadh i bhfad níos mó díobh ná a cailleadh de na Comhghuaillithe... b’fhéidir go raibh rud éigin i bhfeachtas ionsaitheach Gallipoli, agus ina chur i gcrích anacrach, a léirítear mar eachtra nach bhfuil de chúiteamh ann ach an t-aiféala, an fearg agus, b’fhéidir, admháil na ciontachta óna húdair."[6]

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads