Frankenstein
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Úrscéal de chuid an scríbhneora Mary Shelley is ea Frankenstein; or, The Modern Prometheus, nó Frankenstein mar is fearr aithne air. Foilsíodh an leabhar, ceann de chlasaicí móra na hEorpa, ar an 1 Eanáir 1818.
Remove ads
An Scéal
Scéal uafáis atá ann, agus ceann de na chéad leabhair a chuirfí sa seánra ficsean eolaíochta. Tá an t-eolaí Eilvéiseach Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Is é Frankenstein ábhar an scéil, a thagann ar mhodh chun saol daonna a chruthú ina shaotharlann.
Cruthaíonn sé duine nua atá i bhfad níos mó agus níos láidre ná an gnáthdhuine. Fathach mór gránna atá i bhfírnne. Is botún coitianta é "Frankenstein" a thabhairt ar chruthú an dochtúra.
Éiríonn an fathach uaigneach, ar dtus – agus ansin feargach. Agus cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go n-imíonn sé uaidh le faitíos. Agus téann sé sa tóir ar an bhfear a chruthaigh é.
Remove ads
Údar

Thosaigh Mary Shelley ar an obair agus í ocht mbliana déag d'aois, agus foilsíodh an leabhar dhá bhliain ina dhiaidh sin tús na bliana 1818. Cé gur scríobh sí úrscéalta agus drámaí eile, maireann a cáil mar scríbhneoir ach go háirithe ar an úrscéal Frankenstein.
B'as Londain, Sasana í, iníon leis an feimineach Mary Wollstonecraft agus an fealsamh William Godwin, agus bhí sí pósta leis an file rómánsúil Percy Shelley.
Remove ads
Gaeilge
D'fhoilsigh Leabhar Breac[1] athinsint do pháistí ar an scéal. Is é Darach Ó Scolaí a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí.
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads