Gilbert Baker
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ealaíontóir Meiriceánach, gníomhaí ar son cearta LADT, agus cumadóir is dearthóir na brataí bogha báistí ab ea Gilbert Baker.
Rugadh é ar 2 Meitheamh 1951, i Chanute, Kansas. D'fhás sé suas i Parsons, Kansas, nuair bhí siopa éadaí ban lena sheanmháthair. Bhí a athair ina bhreitheamh agus a mháthair ina múinteoir.
Chruthaigh sé an bhratach tuar ceatha i dteach comhchoiteann in 1978 agus ag obair ag Comhlacht Paramount Flag i San Francisco. Bhog Baker chuig Nua-Eabhrac, áit a mbeadh sé ina chónaí don chuid eile dá shaol, ag déanamh obair chruthaitheach agus gníomhaíochta do chearta LADT.
Remove ads
Bratach bogha báistí
Sa lá atá inniu ann, is é an leagan shédhathach den bhratach an ceann is coitianta. Ar dtús, bhí dhá straidhp breise (bándearg agus turcaidghorm) ar leagan na brataí ó 1978.[1] Bhain iad as an bhratach ar chúiseanna praiticiúla. Siombalaíonn na dathanna ar an bhratach bogha báistí éagsúlacht an phobail LADT. An bhratach ó bhunús mar leanas:

Bándearg te | Gnéas | |
Dearg | Saol | |
Oráiste | Leigheas | |
Buí | Solas gréine | |
Glas | Nádúr | |
Turcaid | Ealaíon | |
Indeagó | Comhtheacht | |
Corcairghorm | Spiorad |
Remove ads
Naisc sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads