LADT
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Acrainm is ea na litreacha LADT, a sheasann do "Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach" (LGBT i mBéarla). Scáth-théarma is ea é do dhaoine nach heitrighnéasaigh agus cisinscnigh iad.

Ós rud é go bhfuil féiniúlachtaí gnéis agus inscne ann nach dtagann faoi scáth na dtéarmaí san acrainm, is minic a bhaintear úsáid as leaganacha breisithe ar nós LADT+ freisin,[1][2] acrainm lena n-aithnítear agus lena n-áirítear féiniúlachtaí mionlaigh eile nach bhfuil leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach amháin. Úsáidtear roghanna eile freisin, mar shampla LADTA, LADTI, LADTAIAP etc. Úsáideann daoine agus eagraíochtaí an t-acrainm is mó atá ag teacht, dar leo, lena gcuid ball, a gcuid dearcthaí agus a gcuid cuspóirí.[3]
Is í an bhratach tuar ceatha siombail an phobail LADT, cruthaithe ag Gilbert Baker sa bhliain 1978.[4]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads