Gough Whitlam

polaiteoir Astrálach agus 21ú Príomh-Aire na hAstráile (1916-2014) From Wikipedia, the free encyclopedia

Gough Whitlam
Remove ads

Ba pholaiteoir é Edward Gough Whitlam (11 Iúil 191621 Deireadh Fómhair 2014). B'eisean an t-aonú Príomh-Aire is fiche ar an Astráil.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Saol

Thumb
Royal Australian Air Force, 1942

Bhí athair agus mac le Whitlam ina ndlíodóirí móra le rá — Fred Whitlam (Aturnae na Corónach, 1936 go 1949) agus Tony Whitlam QC (breitheamh de Chúirt Fheidearálach na hAstráile, 1993 go 2005).[1] Bhí Fred Whitlam chun tosaigh agus cosaint idirnáisiúnta ní b'éifeachtaí ar chearta an duine a chur chun cinn agus bhí tionchar láidir aige ar na luachanna agus tuairimí a bhí ag a mhac.

Thumb
Teaghlach Gough Whitlam, 1954

Céimí sna healaíona agus sa dlí, glaodh chun an bharra Gough Whitlam air sa bhliain 1947 tar éis dó a bheith in Aerfhórsa Ríoga na hAstráile le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ball de Theach na nIonadaithe as Werriwa (NSW) ó 1952 go 1978, bhí sé ina cheannaire ar Pháirtí Lucht Oibre na hAstráile ó 1967 go 1977 agus ina Phríomh-Aire ar an Astráil ó 1972 go 1975. Bhí tionchar ag gairm bheatha Whitlam mar dhlíodóir ar a shaol polaitíochta agus ar an dearcadh a bhí aige maidir le athchóiriú an bhunreachta agus ceisteanna mar sin.[2]

D'éag Gough Whitlam ar 21 Deireadh Fómhair 2014, agus é 98 bliana d'aois.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads